Comhairle Contae Fhine Gall agus COVID-19-Cabhraigh linn cabhrú libh

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh a chinntiú go bhfuil gach duine sa Chontae sláintiúil agus folláin.

Caithfidh sibhse cabhrú linn, chun é seo a chinntiú.

Beidh oifigí poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall dúnta don phobal i gcoitinne ón lá amárach (Dé Luain, an 29 Márta) ar aghaidh.
 

Rinneadh an cinneadh i ndiaidh an fhógra a rinne an Taoiseach go dtabharfar bearta nua #COVID-19 isteach tráthnóna Dé hAoine.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Cúraim Custaiméirí trí ghlao ar 01 8905000.

Táimid ag iarraidh a chinntiú nach dtugann aon duine cuairt orainn i láthair na huaire mura bhfuil géarghá leis mar gur féidir linn go leor dár gcuid oibre a chur i gcrích ar an teileafón, trí ríomhphostar line. 

Is féidir páipéarachas a sheoladh trí ríomhphost. Tá seoltaí ríomhphoist le fáil ar ár suíomh gréasáin ag www.fingal.ie 

 

 

Seirbhísí teileafóin:

Tá roinnt seirbhísí á gcur ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall ar féidir déileáil leo ar an teileafón. 

Chun íocaíocht a dhéanamh ar an teileafón: fíneálacha páirceála, cíosanna tithíochta, íocaíochtaí morgáiste. Teil.890 5309 agus 890 5154 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nAonad Cúraim Custaiméirí trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]   

Tá eolas faoi nithe eile le fáil ag www.fingal.ie

Eolas faoi Chúrsaí Sláinte:

Lena chinntiú go bhfuil an t-eolas is déanaí agus is beaichte faoin gCoróinvíreas agat, féach ar shuíomh gréasáin FSS  https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/coronavirus.html  

Bí sábháilte!