Cluichí Ceannais de Chorn Chumann Haca na hÉireann i bhFine Gall
Den chéad uair riamh, tharla trí Chluiche Ceannais mór le rá de Chorn Chumann Haca na hÉireann i nDomhnach Bat, Fine Gall Dé Domhnaigh: Corn Dúshláin Chumann Haca na hÉireann agus Cluichí Ceannais Chorn Sóisear na hÉireann Fir & Mná.

Den chéad uair riamh, tharla trí Chluiche Ceannais mór le rá de Chorn Chumann Haca na hÉireann i nDomhnach Bat, Fine Gall Dé Domhnaigh: Corn Dúshláin Chumann Haca na hÉireann agus Cluichí Ceannais Chorn Sóisear na hÉireann Fir & Mná.
Ócáid an-speisialta a bhí ann a thosaigh faoi ghrian gheal na maidine, agus ba iontach an rud é Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh a bheith i dteannta Leas-Uachtarán Haca Éireann Barbara O Malley chun fáilte a chur roimh na foirne agus bronnadh a dhéanamh ar fhoirne na gcluichí ceannais.
Ar lá dochreidte haca i nDomhnach Bat cinneadh cinn scríbe Chorn Dúshláin na bhFear Chumann Haca na hÉireann chomh maith le Choirn Shóisir na hÉireann.
Comhghairdeas ollmhór leis an Institiúid Chaitliceach, Luimneach a fuair an ceann is fearr ar Mossley i gCorn Dúshláin na bhFear de chuid Chumann Haca Éireann, agus le Three Rock Rovers agus Pembroke Wanderers a bhuaigh Corn Sóisear na bhFear agus na mBan in aghaidh Phort Reachrann agus na hInstitiúide Caitlicí i gcluichí iontacha a imríodh faoi thacaíocht mhór ghlórmhar ó gach foireann a bhí sa chomórtas.
Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh ann chun boinn a bhronnadh ar iomaitheoirí na gcluichí ceannais. Leag sé béim ar a thábhachtaí is atá tiomantas Spóirt Fhine Gall d’fhorbairt Haca agus ar “obair dhícheallach Chomhairle Contae Fhine Gall chun an spórt a fhorbairt sa phobal áitiúil”.
Ghabh sé buíochas le Club Haca Phort Reachrann agus lena chomhpháirtithe Coláiste Pobail Dhomhnach Bat agus le sár-Ionad Pobail Dhomhnach Bat/Port Reachrann as an méid a chuidigh siad leis an lá an-speisialta a reáchtáil agus dúirt sé nach bhfuil aon amhras air ach go leanfaidh haca ar aghaidh ag fás mar spórt agus mar ghníomhaíocht choirp a mbeidh an-tóir air ar fud an Chontae”.
