Ceoltóirí Gaelacha ar an stáitse i Halla an Chontae i rith Sheachtain na Gaeilge

Reáchtáil Comhairle Contae Fhine Gall oíche de cheol traidisiúnta ar 10 Márta mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Bhí na ceoltóirí Paudie O Connor, Aoife Ní Chaoimh agus Caoimhín Ó Fearghail ar an stáitse i Halla an Chontae taobh le ceoltóirí ó Chraobh Sean Treacy de Chomhaltas.

seachtain na gaeilge

Reáchtáil Comhairle Contae Fhine Gall oíche de cheol traidisiúnta ar 10 Márta mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Bhí na ceoltóirí Paudie O Connor, Aoife Ní Chaoimh agus Caoimhín Ó Fearghail ar an stáitse i Halla an Chontae taobh le ceoltóirí ó Chraobh Sean Treacy de Chomhaltas.

Is mar dhísréad a sheinneann Paudie O Connor agus Aoife Ní Chaoimh, as Co. Chiarraí, an bosca ceoil agus an fhidil. Tá a gcuid ceoil go mór faoi thionchar ag traidisiún ceoil Shliabh Luachra, traidisiún ceoil atá fréamhaithe in Oirthear Chiarraí agus i dTuaisceart Chorcaí. Seinneann Caoimhín Ó Fearghail as An Rinn in iarthar Ghaeltacht Phort Láirge roinnt uirlisí ceoil. Ba ar Chaoimhín a bronnadh gradam Cheoltóir Óg na Bliana TG4 in 2012 (Gradam Ceoil TG4). 

Cuireadh tús leis an ócáid le ceoltóirí cumasacha Chraobh Sean Treacy de Chomhaltas i mbun ceoil agus amhrán. Ansin sheinn Paudie O Connor, Aoife Ní Chaoimh agus Caoimhín Ó Fearghail meascán de phoirt agus d’amhráin Ghaelacha, Midstream agus The Letter Home ina measc.

Ar an oíche, bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly í lathair.

Le linn dó a bheith i mbun óráide i nGaeilge ag tús na hócáide, thagair Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien do thábhacht na Gaeilge, agus dúirt sé “go mbaineann tábhacht leis an nGaeilge mar gurb í an Ghaeilge croílár ár gcultúir. Le blianta beaga anuas, tá iarracht á déanamh agam an caighdeán maith Gaeilge a bhí agam nuair a bhí mé ar scoil a thabhairt chun beochta arís, ionas gur féidir liom Gaeilge a labhairt le mo pháistí féin a bheidh ag freastal ar Ghaelscoil.”  

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall; “Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn sa Chomhairle agus sa Chontae trí chéile. Chuige sin, tá oiliúint á cur ar fáil againn dár bhfoireann lena chinntiú gur féidir leo seirbhís ar ardchaighdeán trí Ghaeilge a chur ar fáil, mar aon le himeachtaí Gaeilge a eagrú agus a reáchtáil, agus Pop up Gaeltacht a reáchtáil ag féilte. Is deis iontach iad ócáidí cosúil leis an ócáid seo anocht don phobal chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus taitneamh a bhaint as an gceol traidisiúnta iontach seo.”

Bhí an cheolchoirm i measc ceann de go leor imeachtaí Gaeilge a reáchtáladh i bhFine Gall mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Reáchtáladh imeachtaí eile i gCaisleán Shoird, i nDiméin Ard Giolláin agus i Leabharlanna Chontae Fhine Gall, mar aon le himeachtaí a bhí eagraithe ag grúpaí pobail ar fud an chontae.  

 

Críoch

Más spéis leat tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected]

 

Tharla na himeachtaí Seachtain na Gaeilge dá dtagraítear go léir sular fhógair an Rialtas an 12 Márta bearta chun scaipeadh Coronavirus (COVID-19) a theorannú.