Ceithre dhuais bronnta ar Chomhairle Contae Fhine Gall ag Gradaim GUPC

D’éirigh go breá le Comhairle Contae Fhine Gall ag na Gradaim Uile-Éireann Pobail agus Comhairle (GUPC) bliantúla a reáchtáladh i bPáirc an Chrócaigh.

Community Car Age Friendly Sustainable Transport Service LAMA Award

Ainmníodh Fine Gall le haghaidh deich dtionscnamh in ocht gcatagóir agus bronnadh ceithre ghradam ar Chomhairle Contae Fhine Gall ar an oíche.

Bronnadh duais ar Sheirbhís Iompair Inbhuanaithe Aoisbhách Carr Pobail Fhine Gall sa chatagóir don Tionscnamh Pobalbhunaithe is Fearr.

Bronnadh an duais airgid ar chaomhnú agus ar athchóiriú fhoirgneamh an Chasaíne i Mullach Íde i gcatagóir an Tionscadail Oidhreachta is Fearr, agus bronnadh duais airgid ar Ionad Pobail Dhomhnach Bat - Phort Reachrann i gcatagóir an Ghnó is Fearr atá ag obair sa Phobal.

Bronnadh an duais chré-umha i gcatagóir na Páirce Poiblí is Fearr ar Pháirc Bhaile an Tirialaigh, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, a ghlac leis na gradaim ar an oíche: “Tugann na gradaim seo aitheantas don obair mhór atá déanta ag an gComhairle agus ag gnóthaí i measc an phobail i gcaitheamh na bliana. Is mór an chreidiúint iad do gach duine agus is fianaise iad go bhfuilimid mar Chomhairle ar thús cadhnaíochta chomh fada is a bhaineann le bealaí nua agus níos fearr a aimsiú chun freastal ar ár gcónaitheoirí.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is mór an onóir é an t-aitheantas seo a fháil le haghaidh na n-iarrachtaí atá déanta againn caighdeán na seirbhísí agus na n-áiseanna atá á gcur ar fáil againn dár gcónaitheoirí a fheabhsú.”

 

Seirbhís Iompair Inbhuanaithe Aoisbhách Carr Pobail Fhine Gall - Buaiteoir Catagóire

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall an tSeirbhís Iompair Inbhuanaithe Aoisbhách ‘Carr Pobail’ i gcomhpháirt le Go Car & Local Link. Braitheann go leor daoine nach dtiomáineann go mór ar mhodh iompair phoiblí áitiúil, chun iad a thabhairt anseo agus ansiúd, chun úsáid a bhaint as áiseanna áitiúla agus chun a bheith páirteach sa phobal.

Is é an tseirbhís Carr Pobail seo an chéad chineál seirbhíse dá leithéid atá curtha i bhfeidhm ag údarás áitiúil in Éirinn agus tá an tseirbhís ar fáil anois i mBinn Éadair agus sna Sceirí.

Ionad Pobail Dhomhnach Bat-Phort Reachrann – Airgead

Bronnadh duais airgid ar Ionad Pobail Dhomhnach Bat-Phort Reachrann don ghnó is fearr atá ag obair sa phobal. Is fiontar sóisialta a bhfuil ag éirigh go breá leis é an t-ionad pobail ina bhfuil fostaíocht á cruthú do roinnt daoine de bhunadh na háite trí ghiomnáisiam, ranganna spóirt agus caithimh aimsire a chur ar fáil, mar aon le tionscadal cúraim leanaí agus tionscadail atá dírithe ar gach aoisghrúpa. Déantar an t-ioncam ar fad a ghintear a athinfheistiú in oibriú agus i bhforbairt an ionaid pobail amach anseo.

Freastalaíonn an t-ionad ar bhreis is 300,000 duine in aghaidh na bliana.

Caomhnú agus athchóiriú Fhoirgneamh an Chasaíne i Mullach Íde – Airgead

Tá an Casaíne i Mullach Íde caomhnaithe, athchóirithe agus forbartha go cúramach agus anois bíonn neart cuairteoirí ag triall ar an áit agus is ann atá bailiúchán Iarnród Mionsamhla Fry lonnaithe, bailiúchán a mbaineann tábhacht shuntasach stairiúil leis ní hamháin i measc phobal Mhullach Íde ach i measc lucht spéise traenacha mionsamhla ar fud an domhain. Is seoid náisiúnta é an bailiúchán seo atá caomhnaithe go cúramach a mbeidh na glúnta amach romhainn in ann taitneamh a bhaint as.

Páirc Bhaile an Tirialaigh, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15. – Cré-umha

Is é an aidhm atá ag Páirc Bhaile an Tirialaigh díriú ar áiseanna a chur ar fáil a théann chun tairbhe sláinte, deiseanna spraoi agus folláine úsáideoirí uile na páirce.

Áirítear i measc áiseanna caithimh aimsire na páirce trealamh aclaíochta do dhaoine fásta (8 bpíosa trealaimh), áit súgartha, dhá chúirt limistéir ilúsáide cluichí mar aon le páirceanna imeartha spóirt ar féidir sacar, CLG agus cruicéad a imirt orthu. Tá líonra de bhreis is 2.25km de chonairí ann freisin ar féidir le siúlóirí, reathaithe, agus úinéirí madraí tairbhe a bhaint astu laistigh den pháirc.

Tyrrelstown Park Team LAMA Awards
Malahide Casino LAMA Award
Donabate Portrane Community Centre LAMA Awards