Ceiliúrfaidh Comhairle Contae Fhine Gall Seachtain Náisiúnta na gCrann le himeachtaí Plandaithe Pobail agus Aiscín Crainn Saor in Aisce

Beidh Seachtain Náisiúnta na gCrann 2023 ar siúl ó 19 go 26 Márta agus tá roinnt tionscnamh beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun é seo a chéiliúradh lena n-áirítear pleananna chun 16,000 crann a dháileadh ar chónaitheoirí ar fud an chontae, chomh maith le roinnt imeachtaí agus ceardlanna plandála pobail a óstáil.

FCC Nat Tree Week Social Media Tile 4B.jpg

Beidh Seachtain Náisiúnta na gCrann 2023 ar siúl ó 19 go 26 Márta agus tá roinnt tionscnamh beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun é seo a chéiliúradh lena n-áirítear pleananna chun 16,000 crann a dháileadh ar chónaitheoirí ar fud an chontae, chomh maith le roinnt imeachtaí agus ceardlanna plandála pobail a óstáil.

Tá timpeall 2,000 heicteár de spás oscailte poiblí i bhFine Gall, ar tírdhreacha oidhreachta cuid mhór díobh, sainithe ar go leor bealaí ag coillearnacha agus crainn. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh gach duine ar fud an chontae in ann taitneamh a bhaint as a bhfuil ar leac an dorais againn do na glúine atá le teacht agus gur féidir le teaghlaigh leas a bhaint as an lúcháir a bhaineann le crainn áille ina gclós cúil féin agus a gcuid oibre a dhéanamh ar son an chomhshaoil freisin.

Ag leanúint ar rathúlacht na mblianta roimhe seo tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go mbeidh 16,000 fuip crainn á thabhairt amach do bhaill an phobail chun cabhrú le feabhas agus méadú a dhéanamh ar chumhdach crainn sa Chontae agus chun a chinntiú go mbeidh buntáistí na gcrann cinnte do na blianta amach romhainn. I mbliana, beidh Silíní, Beith, Coll agus Fearnóg ar na speicis a thabharfar amach. Tá teorainn de bheirt in aghaidh an teaghlaigh. Tabhair leat do mhála féin le do thoil chun úsáid plaistigh a laghdú.

Beidh feachtas poiblíochta á reáchtáil ag an gComhairle ar na Meáin Shóisialta i rith na seachtaine freisin ag míniú na buntáistí a bhaineann le crainn mar sin bí cinnte lean ár gcainéal meáin shóisialta thíos chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Dúirt Kevin Halpenny, Stiúrthóir Sinsearach Páirce i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá Páirceanna Fhine Gall agus bonneagar Glas ag dul ar aghaidh leis na gníomhartha atá leagtha amach i Straitéis Crann Fhoraois Fhine Gall chun clúdach ceannbhrait crainn a mhéadú agus bithéagsúlacht agus athléimneacht aeráide a fheabhsú. Le linn Sheachtain Náisiúnta na gCrann seo, táimid ag spreagadh daoine, trí chur ina ngairdíní féin, cur le leibhéal an chlúdaigh crainn agus éagsúlacht na speiceas crainn sa chontae agus táimid ag tabhairt 16,000 crann dúchasach saor in aisce ar shiúl chomh maith le ceardlanna agus plandáil pobail a reáchtáil ar fud an chontae.”

Aiscíní Crainn Saor in Aisce

Beidh Aiscíní Crainn ar siúl ó 9am go 1pm Dé Céadaoin 22ú agus Dé Sathairn 25ú ag na ionaid seo a leanas: Páirc San Caitríona, Páirc na Mílaoise, Árd Giolláin, Diméin Mhullach Íde, Diméin an Droichid Nua agus Gleann na hAbhann an Bharda (Carrchlós Nua, Gleann na hAbhann) níl ach Dé Sathairn 25ú.

Chun úsáid plaistigh a laghdú iarrtar ar shaoránaigh a mála féin a thabhairt leo.

Imeachtaí Plandaithe Pobail

Tá Imeachtaí Plandaithe Pobail beartaithe do Pháirc Bhaile an Hartaigh (Rian Coile) agus An Bealach Beag (Páirc CLG) ar an 25 Márta 10am go 1pm: Spás  Oscailte Ongar agus Páirc Hazelbury (Páirc CLG) 1 Aibreán 10am go 1pm tá tuilleadh eolais le fáil ag [email protected] agus Fingal.ie

Mol áineasa Lusca Márta 20ú-25ú 9 – 1pm tá tuilleadh eolais le fáil https://easytreesie.com agus [email protected] @ Lusk Vision 2030

Árd Giolláin Márta 24ú 12pm-2pm tá tuilleadh eolais le fáil ag [email protected] agus Fingal.ie

Eastát Selskar na Sceirí- 21ú Márta 4pm - Tá tuilleadh eolais le fáil ag sustainableskerries.com

Páirc Ghleann na hAbhann an Bharda Sord Márta 25ú 12 – 1pm tá tuilleadh eolais le fáil ag http://swordswoodland.ie

Beidh feachtas poiblíochta á reáchtáil ag an gComhairle freisin i rith na seachtaine a mhíneoidh na buntáistí a bhaineann le crainn ar na meáin shóisialta agus mar sin bí cinnte lean ár gcuid bealaí meán shóisialta thíos chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Féach ar https://www.fingal.ie/national-tree-week chun sonraí iomlán agus an t-eolas is déanaí a fháil.

facebook.com/fingalcoco,

instagram.com/fingalcountycouncil,

 twitter.com/fingalcoco

 

 

Flyer - Free tree giveaway 2023 Gaeilge (1).jpg
FCC Nat Tree Week Social Media Tile 2A.jpg