Ceadaítear cistiú is fiú €33.1m le haghaidh taisteal gníomhach i bhFine Gall

portmarnock rail

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh infheistíocht mhór i dtaisteal gníomhach lena gcabhrófar le feabhas a chur ar an gcaoi a ngluaiseann daoine timpeall an chontae, agus €23.5 milliún leithdháilte ar 49 dtionscadal siúil, rothaíochta agus ríochta poiblí agus €9.6 milliún sa bhreis leithdháilte ar thionscadail tosaíochta do chomaitéirí. Leis an gcistiú, tacófar le bealaí níos sábháilte agus níos nasctha ar fud Fhine Gall, rud lena gcuirfear feabhas ar ghnáth-thurais laethúla do chónaitheoirí agus lena ndéanfar dul chun cinn ar ghealltanais na Comhairle maidir le gníomhú ar son na haeráide, le sláinte phoiblí agus le fás inbhuanaithe.

Fógraíodh an cistiú nua mar chuid de chistiú Rialtais is fiú €360 milliún do Thaisteal Gníomhach agus do Ghlasbhealaí ar fud na hÉireann sa bhliain 2026. Tá an infheistíocht náisiúnta sin le díriú ar leathnú a dhéanamh ar thionscadail siúil agus rothaíochta lena dtacaítear le roghanna sábháilte, inbhuanaithe agus sláintiúla taistil do phobail ar fud na tíre.

I measc na bpríomhthionscadal a gheobhaidh cistiú i bhFine Gall tá Droichead Rothar agus Coisithe Inbhear an Mhóinéir Leathain (Mullach Íde–Domhnach Bat), ar leithdháileadh €12.2 milliún air, agus an Bealach Siúil agus Rothaíochta idir Ascaill Achadh na Gréine agus an 12ú Loc, a gheobhaidh €2.9 milliún. Bainfear úsáid as €3 mhilliún sa bhreis chun dul chun cinn a dhéanamh ar an Scéim idir Timpeallán Bhaile na Mara agus Bóthar an Inbhir (Sord go Mullach Íde). Leithdháileadh €1 mhilliún ar Scéim Feabhsúcháin na Sráide Nua, Mullach Íde, agus bainfear úsáid as €100,000 chun tacú le Síneadh S2M (Cill Fhionntain go Mullach Íde).

Leithdháileadh €9.6m sa bhreis ar thionscadail tosaíochta eile do chomaitéirí, lena n-áirítear Uasghráduithe ar Acomhail an R132 (Céim an Deartha), an Clár Feabhsúcháin Stadanna Bus ar fud an chontae, agus Feabhsuithe Tosaíochta Bus/Bainistíochta Tráchta.

Ag cur fáilte dó roimh an gcistiú, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “De réir mar a leanann daonra Fhine Gall ar aghaidh ag fás, is iad ár gcónaitheoirí a bhainfidh an tairbhe is mó as bealaí taistil atá níos fearr agus níos sábháilte. Leis an infheistíocht seo i mbealaí sábháilte siúil agus rothaíochta, cabhrófar le roghanna iompair inbhuanaithe a sholáthar agus le sráideanna a chruthú inar féidir le gach duine, beag beann ar aois, taisteal chun na scoile, chun na hoibre nó chuig an siopa áitiúil de shiúl na gcos, de rothaí nó de rothar mar chuid den ghnáthshaol laethúil. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimis eispéireas éasca, taitneamhach agus sábháilte de thaisteal de shiúl na gcos agus de rothar i mbailte agus sráidbhailte Fhine Gall. Téann an taisteal gníomhach chun tairbhe go mór don tsláinte fhisiciúil agus don fholláine fhoriomlán.”

Leithdháileadh cistiú ar chláir bhreise um Bealaí Sábháilte chun na Scoile freisin. D’fhorbair an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Scoileanna Glasa An Taisce an clár sa bhliain 2020, agus tacaíonn sé le scoileanna an siúl agus an rothaíocht a mhéadú trí shábháilteacht a fheabhsú ag geataí scoile agus plódú a laghdú. Tá sé scoil i bhFine Gall ar áireamh i mBabhta 4 den chlár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile a fógraíodh le déanaí: Coolmine Community School (Baile Átha Cliath 15), Gaelscoil Ros Eo (an Ros), Scoil Moibhi (na Sceirí), Scoil Oilibhéir (Baile Átha Cliath 15), St. Andrew’s NS (Mullach Íde) agus St. Joseph’s Secondary School (an Ros).

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá sa chistiú seo ná céim shuntasach chun cinn i soláthar a dhéanamh ar an mbonneagar taistil ghníomhaigh ardchaighdeáin a theastaíonn ó Fhine Gall chun freastal ar na riachtanais a bhíonn ag contae atá ag fás. Tacaíonn sé leis an bhfís straitéiseach arb éard í bealaí níos sábháilte agus níos inrochtana a chruthú lena nasctar ár bpobail agus lena dtugtar roghanna iontaofa do dhaoine le haghaidh gnáth-thaisteal laethúil.”

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “A bhuí leis an infheistíocht seo, cuirfear ar ár gcumas bonneagar taistil ghníomhaigh a chur ar aghaidh ar fud Fhine Gall, agus 49 dtionscadal taistil ghníomhaigh aonair le leas a bhaint as an tacaíocht. Táimid ag soláthar raon éagsúil scéimeanna nuálacha ar de thoradh orthu a bheidh sé níos áisiúla, níos ionchuimsithí agus níos sábháilte dár bpobail taisteal de shiúl na gcos, de rothaí agus de rothar.”

Cuid lárnach de thiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall do ghníomhú ar son na haeráide is ea an taisteal gníomhach. Is é atá i gceist leis an taisteal gníomhach ná daoine a bheith ag taisteal le cuspóir agus úsáid á baint acu as a bhfuinneamh féin, amhail taisteal de shiúl na gcos, de rothaí nó de rothar, agus tá sé mar aidhm ag an gComhairle é sin a chomhtháthú isteach sa ghnáthshaol laethúil, go háirithe i gcás turais is lú a bhfad ná 5 km.

Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Bonneagair agus Iompair i gComhairle Contae Fhine Gall: “A bhuí leis an leithdháileadh seo, tugtar dúinn an móiminteam chun an chaoi a ngluaiseann daoine timpeall Fhine Gall a bhunathrú chun feabhais. Trí bhealaí níos sábháilte, níos glaise agus níos taitneamhaí a chruthú, táimid ag tógáil córas iompair a théann chun tairbhe do gach duine ar bhealach níos fearr.”

Dúirt Darragh O’Brien TD, an tAire Iompair: “Tá an leithdháileadh €360 milliún sa bhliain 2026 ar thionscadail taistil ghníomhaigh agus glasbhealaí ina léiriú ar thiomantas an Rialtais do roghanna iompair inbhuanaithe a leathnú agus bonneagar sábháilte inrochtana siúil agus rothaíochta a sholáthar i limistéir uirbeacha agus i limistéir thuaithe araon. Leis an tsuim €290 milliún atá infheistithe i gClár Infheistíochta Iompair Ghníomhaigh agus Inbhuanaithe an Údaráis Náisiúnta Iompair, cabhrófar le príomhghréasáin taistil ghníomhaigh a fhorbairt inár gcuid sráidbhailte, bailte agus cathracha, rud a fhágfaidh go mbeidh an siúl agus an rothaíocht ina rogha inmharthana do níos mó daoine sa phobal. Idir an dá linn, cabhróidh an infheistíocht €62 mhilliún inár ngréasán Glasbhealaí le príomhthionscadail a chur i gcrích ar fud na tíre agus is céim eile í i dtreo Gréasán Náisiúnta Rothaíochta a fhorbairt.”

Chun miondealú iomlán a fháil ar an gcistiú €360 milliún atá curtha ar fáil do Thaisteal Gníomhach agus do Ghlasbhealaí don bhliain 2026, tabhair cuairt ar https://www.nationaltransport.ie/publications/active-travel-investment-grants-2026-allocations/