Buann Kianda Technologies Ltd an Dámhachtain Fiontraíochta Contae ab Fhearr ag Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla na Bliana seo i bhFine Gall.

D’fhógair Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) Fhine Gall gur buaiteoir Dhámhachtain Fiontraíochta Fhine Gall (DFFG) na bliana seo don bhliain 2020 é ardán néalbhunaithe d’oibríochtaí gan pháipéar ó Baile Bhhlainséir.

Thug Kianda Technologies Ltd an duais €5,000 ab fhearr leo agus déanfaidh siad ionadaíocht anois do OFÁ Fhine Gall ag na 22ú Dámhachtainí Fiontraíochta i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine seo chugainn.

Ardán néalbhunaithe é buaiteoir na bliana seo a chabhraíonn le cuideachtaí chun deireadh a chur le páipéar agus chun gach próiseas reatha de láimh a uathoibriú in aon áit amháin – agus baineann ríthábhacht leis mar gheall go gcuireann sé ar chumas na foirne neamhtheicneolaíochta faisnéise chun feidhmchláir chumhachtacha gnó a thógáil go tapa gan aon chódú a bheith ag teastáil. Cuireann sé ardán iomasach (gan chódú) ar fáil d’eagraíochtaí, a chuireann ar a gcumas próisis ghnó dhigitigh a thógáil iad féin agus rialú intí a bhaint amach dóibh féin. Tá bonn custaiméirí aige ar fud Réigiún an EMOA (an Eoraip, an Meánoirthear agus an Afraic), agus tá úsáid á baint as an ardán do phróisis i dtionscail, ar nós Acmhainní Daonna, rialú cáilíochta, bainistíocht tionscadal agus airgeadais.

 

fingalenterpriseaward1

Ba é Corr Optical, an t-aon saotharlann ardghloinithe a bhfuil creidiúnú ISO aici in Éirinn a chuireann frámaí agus lionsaí oidis ar fáil do radharceolaithe neamhspleácha, a bhuaigh an dara háit ag Dámhachtainí Fiontraíochta Fhine Gall na bliana seo a cuireadh ar siúl in Áras an Chontae, Fine Gall.

Beidh Kianda Technologies Ltd ag dul san iomaíocht in aghaidh 30 craobhiomaitheoir eile ó gach limistéar údaráis áitiúil chun sciar den duaischiste €40,000 a thabhairt leo nuair a chuirfear tús leis an moltóireacht in Aibreán. Áirítear leis na catagóirí i mbliana ‘an Gnólacht Easpórtála is Fearr’, ‘Fócas ar an Todhchaí’ agus ‘Nuálaíocht’, anuas ar ocht ndámhachtain réigiúnacha.

Thit Dámhachtainí Fiontraíochta Fhine Gall amach mar chuid de chlár an-rathúil imeachtaí de chuid Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla.  Thit breis agus 300 imeacht amach fud fad na tíre, a chuir na 31 Oifig Fiontair Áitiúil ar siúl ón 2 Márta go dtí an 6 Márta.

Ag labhairt dó i rith Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla, dúirt Oisín Geoghegan, Cathaoirleach an Ghréasáin OFÁanna agus Ceann Fiontraíochta i bhFine Gall: “Le fiche bliain anuas, rinne na Dámhachtainí Fiontraíochta Náisiúnta ceiliúradh ar scéalta ratha faoi ghnólacht beag ó gach cearn in Éirinn, agus a n-éachtaí a n-aithint faoin spotsolas náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá gliondar croí orainn go bhfuil ionadaíocht á déanamh ag Kianda Technologies Ltd dúinn ag Dámhachtainí Fiontraíochta 2020. Tá an chuideachta faoi stiúir beirt fiontraithe an-éirimiúla agus an-uaillmhianacha. Guímid gach rath orthu lena gcuid dianiarrachtaí amach anseo.”

Seo a leanas na naoi ngnólacht áitiúla eile a cuireadh ar an ngearrliosta i mbliana:

  • Corr Optical – Saotharlann ghloinithe atá bunaithe i mBaile Dhúill a sholáthraíonn frámaí agus lionsaí oidis do radharceolaithe neamhspleácha (an dara háit)
  • 65 Hurls – táirgeoir camáin shaincheaptha fuinseoige atá bunaithe i mBaile Cúlann
  • Alectra Partitions by Interior Building Products – táirgeoir landairí gloine do spásanna oifige atá bunaithe i mBaile Bhlainséir
  • Azure Communications – soláthraí réitigh chlódóireachta, choir phoist, agus chumarsáide atá bunaithe i mBaile Dama
  • Dimension88 – soláthraí eispéiris eastáit réadaigh ‘réadúlachta measctha’ atá bunaithe i Sord
  • Empeal le Wind Of Change – ardán bainistíochta riosca sláinte agus uirlis táirgiúlachta ó Chaisleán Cnucha
  • Fasten8 – soláthraí réitigh sholáthair uathghluaisnigh atá bunaithe i mBaile Cúlann
  • Mimic Lashes – branda sínte fabhra agus soláthraí oiliúna ó Mhullach Íde
  • Take The Cake – bácús veigeánach ceardaí atá bunaithe i Mullach Eadrad

I measc na n-aíonna speisialta ag an searmanas, bhí Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien, an tUasal AnnMarie Farrelly (Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall), Declan Hughes (Rúnaí Cúnta ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta), an Comh. Jimmy Guerin, an Comh. Darragh Butler agus buaiteoir DFFG 2019, Sarah-Jane Brangam, Stiúrthóir agus Comhbhunaitheoir Cult Drinks.     I measc na mball den phainéal moltóirí, bhí Michael Dawson (POF, One4all Group), Deirdre O'Neill (Fiontraíocht Éireann) agus Larry Brady, Meantóir Gnó ag OFÁ Fhine Gall.

D’fhreastail Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, an tUasal AnnMarie Farrelly, ar go leor de na himeachtaí i rith Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla agus thug siad spreagadh do gach duine a ghlac páirt i gcaitheamh na seachtaine.

Dúirt an Méara O’Brien:

“Tá gliondar croí orm gur ghlac breis agus 1,000 úinéir/bainisteoir gnólachta agus fiontraí uaillmhianach an t-am chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí iontacha a bhí ar siúl le seachtain anuas. Is iontach an oiread sin fiontraithe nuálacha agus éirimiúla a thabhairt faoi deara agus iad ag gníomhú leis an Oifig Fiontair Áitiúil agus spreagfainn ár ngnólachtaí go léir chun an tairbhe is mó a bhaint de na seirbhísí atá ar fáil”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly:

“B’iomaí buaicphointe a mbeidh cuimhne agam orthu i rith Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla agus ba shoiléir ón atmaisféar ag na himeachtaí go léir go raibh tairbhe an-mhór á baint ag rannpháirtithe as a bhfreastal. Bhí mé thar a bheith sásta a bheith i láthair ag an imeacht oscailte, inar reáchtáladh Grodchúrsa do Ghnólachtaí Nuathionscanta Dé Luain i nDomhnach Bat, an craobhchomórtas Fiontraíochta Áitiúla Déardaoin agus lón líonraithe Mhná Fiontracha Fhine Gall Dé hAoine, ina raibh an t-ainmní Emmy Teilifíse i rith an lae agus an fiontraí bia, Catherine Fulvio i measc na n-aíonna”.

I measc na n-imeachtaí ardphróifíle eile a thit amach i rith na seachtaine, bhí Máistir-Rang Digiteach le Seán Walsh a chuir PayPal ar siúl i mBaile Cúlann, Móraonach Fiontraithe Eitneacha i mBaile Brigín a chuir Empower Fingal agus Líonra Eitneach Fhine Gall ar bun, Seóthaispeántas Agile Réigiún Bhaile Átha Cliath, a chuir Fiontraíocht Éireann ar siúl, bricfeasta líonraithe gnó le Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath Fhine Gall ar bun, Seimineár Táirgiúlachta a d’óstáil Comhlachas Tráchtála Bhaile Brigín, agus seimineár straitéise gnó a thit amach ag IBM Ireland.

Eagraíonn Oifigí Fiontair Áitiúil Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla gach bliain agus tacaíonn Fiontraíocht Éireann, Údaráis Áitiúla agus an Rialtas na hÉireann leis.  

                                                      

fingal enterprise awards