Bronnann Fine Gall cistiú €288,000 faoin gClár Cistithe Féilte agus Imeachtaí 2020

Groups attending The Festival and Funding session at Fingal offices.

D’fhógair Fine Gall go mbronnfar cistiú €288,000 ar 43 grúpa agus eagraíocht ar fud Fhine Gall faoin gClár Cistithe Féilte agus Imeachtaí 2020.

Bhronn an tAonad Imeachtaí ón Rannóg um Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontair agus Turasóireachta an cistiú agus cabhróidh sé le réimse fairsing imeachtaí ceoil, spóirt agus cultúrtha ar fud an chontae sna míonna amach romhainn.

Tá a fhéilire Imeachtaí díreach scaoilte ag an Aonad Imeachtaí don bhliain 2020 a chuimsíonn 30 láthair imeachtaí, a thacaíonn le 12 Imeacht Pobail, 36 Imeacht don Teaghlach, 16 Imeacht Chultúrtha, 21 Imeacht Stairiúil chomh maith le 20  Imeacht Spóirt agus seacht gceolchoirm.

I measc na mbuaicphointí, tá Féile an tSamhraidh, Baile Brigín, Féile Mhara agus Bhia Mara Bhinn Éadair, na seacht mórshiúl Lá Fhéile Pádraig, dhá rás Gluaisrothar, Lá Spraoi don Teaghlach i mBaile Átha Cliath 15, an Fhéile Shamhraidh Níos Sábháilte le Chéile agus Craobhchomórtas Trastíre na hEorpa i mí na Nollag.

Beidh Fleadh Laighean ar siúl i Sord in Iúil na bliana seo agus meastar go meallfaidh sé a mhéid le 100,000 cuairteoir i rith na 10 lá. Imeachtaí é seo a dtacaíonn Fine Gall Ildánach leis agus tá clár forleathan imeacht agus 300 comórtas ann.

Anuas air sin, tacaíonn an tAonad leis na seacht Rith Páirc 5 Chiliméadar ar fud an chontae, a mheallann 240,000 rannpháirtí, anuas ar na ceithre Rith Páirce Shóisearacha ina bhfuil 33,000 rannpháirtí anois.

D’fhreastail na grúpaí rathúla ar Imeacht agus seisiún oiliúna na Féile ag oifigí Fhine Gall, áit a ndearna Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Rannóga Oibríochtaí agus Feasachta Comhshaoil Chomhairle Contae Fhine Gall cuir i láthair.   

Ó bunaíodh an tAonad Imeachtaí in 2010, tá méadú bliain ar bhliain tagtha ar líon na n-imeachtaí atá á gcur ar siúl agus a dtacaítear leo gach bliain. Meascán atá sa chlár d’imeachtaí féin Chomhairle Contae Fhine Gall, imeachtaí i gcomhpháirtíocht le comhlachtaí eile a bhfuil a mhacasamhail de chuspóirí acu agus imeachtaí a reáchtálann eagraithe seachtracha a fhaigheann ranníocaíochtaí díreacha cistithe ó Chomhairle Contae Fhine Gall trí chlár cúnaimh airgeadais.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien:  “Glacfaidh an leithdháileadh suntasach cistithe a rinneadh faoin Scéim Imeachtaí agus Cúnaimh Airgeadais le ról ríthábhachtach chun braistint mórtais a chothú i bpobail ar fud Fhine Gall. Níl amhras ar bith orm go meallfaidh siad daoine áitiúla agus cuairteoirí ó áiteanna i gcéin agus i gcóngar agus táim ag tnúth le freastal ar go leor de na himeachtaí sna míonna amach romhainn.”

Dúirt an Stiúrthóir um Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontair agus Turasóireachta, Emer O’Gorman: “Tá gliondar croí orainn tacaíocht airgeadais a sholáthar don réimse fairsing grúpaí agus eagraíochtaí seo a chruthaíonn go leor tairbhí dearfacha geilleagracha, sóisialta agus cultúrtha ar fud ár bpobal. Príomhghníomh de chuid Ráiteas Straitéis Turasóireachta Fhine Gall 2017-2022 is ea féilte agus imeachtaí inbhuanaithe a chur chun cinn, a chistiú agus a eagrú.”