Boscaí bruscair chliste inbhalctha grianchumhachtaithe seolta i mBinn Éadair ag Comhairle Contae Fhine Gall

Bins

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall 35 bosca bruscair inbhalctha grianchumhachtaithe i bpríomhbhaile turasóireachta Bhinn Éadair, tar éis scéim thrialach ar éirigh go maith léi.

Tá braiteoirí ar na boscaí bruscair a thugann rabhadh d’fhoireann na Comhairle nuair a bhíonn na boscaí bruscair lán, mar aon le troitheáin ionas nach gcaithfear iad a láimhseáil agus plapaí a choinníonn faoileáin agus francaigh amach astu.

Tiocfaidh an 35 bosca bruscair chliste in ionad 70 bosca bruscair traidisiúnta a bhí i gceantar Bhinn Éadair.

Bronnadh an tairiscint ar PEL Waste Reduction Equipment, cuideachta déantúsaíochta Éireannach, trí chomórtas tairisceana oscailte a bhí á bhainistiú ag Comhairle Contae Fhine Gall.  

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien: “Tá ríméad orm gur tugadh aitheantas do PEL Waste Reduction Equipment le Gradam Nuálaíochta an Irish Times sa chatagóir Déantúsaíochta agus Deartha i gcomhair 2019. 

“Aithním an tábhacht atá leis an gComhairle ag obair le cuideachtaí cosúil le PEL Waste i dtionscnaimh amach anseo le haghaidh teicneolaíochtaí déantúsaíochta agus glasa.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Fhine Gall, An Rannóg Oibríochtaí: “Tugann an teicneolaíocht rabhadh dúinn nuair a bhíonn na boscaí bruscair le folmhú mar sin ní rachaidh siad thar maoil agus ní bheidh costas mór ar an gComhairle ag glanadh suas ina ndiaidh.

“Oibríonn na boscaí bruscair inbhalctha seo le córas balctha comhtháite agus braiteoir ultrasonach nuair a bheidh an bosca lán a chuireann sonraí chuig deais dhigiteach maidir le leibhéil líonta na mboscaí bruscair agus riachtanais bailithe.”

Dúirt Caroline Power, Oifigeach Riaracháin le haghaidh Rannóg Oibríochtaí Bhinn Éadair/Mhullach Íde: “Tugann na boscaí bruscair nua inbhalctha grianchumhachtaithe leibhéal seirbhíse níos éifeachtúla. Tháinig laghdú substaintiúil tar éis a suiteála ar bhutaí toitíní lasmuigh den Stáisiún DART i mBinn Éadair”. 

Tá Comhairle Contae Fhine Gall meáite ar na boscaí bruscair inbhalctha grianchumhachtaithe a sheoladh amach chuig limistéir uirbeacha eile sa chontae.