Borradh faoin bhFostaíocht i bhFine Gall tráth a Fhógraítear an tSeachtain Fiontair Áitiúil
Fógraíodh torthaí bliantúla Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall don bhliain 2025 tráth a seoladh “Seachtain Fiontair Áitiúil” na bliana seo. Léiríodh iontu gur chruthaigh cuideachtaí a fuair tacaíocht ó Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall 271 phost nua sa bhliain 2025. Agus gnólachtaí a d’aistrigh chuig Fiontraíocht Éireann agus cuideachtaí a chónaisc nó a scoir de thrádáil á gcur san áireamh, is é 135 phost an glanfhigiúr cruthaithe post i measc chroíphunann na hOifige Fiontair Áitiúil (gnólachtaí a bhfuil Deontais Phrímeála agus Deontais Leathnaithe faighte acu).
Ag seoladh na Seachtaine Fiontair Áitiúil 2026, d’fhógair Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall sraith imeachtaí gnó, a bheidh ar siúl ón Luan an 2 Márta go dtí an Aoine an 6 Márta. Beidh raon leathan gníomhaíochtaí gnó ar fáil sa cheiliúradh seachtaine sin atá ceaptha chun tacú le fiontraithe áitiúla agus chun iad a spreagadh.
Ar fud na seachtaine, soláthrófar léargais luachmhara agus deiseanna líonraithe luachmhara do ghnólachtaí áitiúla le linn roinnt príomhimeachtaí. Dé Luain an 2 Márta, cuirfear tús leis an tseachtain le Campa Oiliúna do Ghnólachtaí Nuathionscanta Fhine Gall, áit a dtairgfear oiliúint phraiticiúil agus comhairle shaineolach d’fhiontraithe atá ag teacht chun cinn, faoi stiúir Noel Davidson ó Entrepreneurs Academy. Níos déanaí an tráthnóna sin, beidh seimineár Gréasáin ar líne ar Léargais Bhunriachtanacha Airgeadais ina rud tarraingteach do go leor úinéirí gnólachta/bainisteoirí gnólachta atá ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar conas airgeadas a ngnólachta a bhainistiú agus a rialú.
Dé Máirt an 3 Márta, gheobhaidh gnólachtaí na huirlisí agus an t-eolas a theastaíonn chun leathnú isteach i margaí idirnáisiúnta le linn seisiún ar líne faoi Tharaifí agus Onnmhairiú. Idir an dá linn, tá comhpháirtíocht déanta ag an Oifig Fiontair Áitiúil le Google ar fhóram A.I. Works for Ireland. Beidh Féachaint Chuige go Seasfaidh do Ghnó an Aimsir ar siúl Dé Máirt freisin, áit a bhfoghlaimeoidh rannpháirtithe conas is féidir leo a ngnólacht a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe. Ag deireadh thráthnóna Dé Máirt, beidh searmanas Ghradaim Fiontair Fhine Gall ar siúl, áit a gcuirfear an cúigear iomaitheoirí deiridh i mbliana in aithne chun a ngnólachtaí a chur i láthair agus a bhfógrófar buaiteoir foriomlán an chomórtais.
Cuirfear tús le seimineár Gréasáin ar líne ar an Digitiú Dé Céadaoin an 4 Márta, ar lena linn a fhoghlaimeoidh rannpháirtithe conas is féidir leo teicneolaíochtaí nua a úsáid ina ngnólacht. Níos déanaí an tráthnóna sin, cuirfidh Comhlachas Tráchtála Fhine Gall fáilte roimh Kellie Harrington, curadh dornálaíochta Éireannach, a spreagfaidh cách ag imeacht tábhachtach iontach dar teideal ‘The Drive for Success’, a bheidh ar siúl in Joe Duffy Land Rover, Taobh an Aerfoirt.
Déardaoin an 5 Márta, cuirfidh an Oifig Fiontair Áitiúil, i gcomhpháirt le Comhlachas Tráchtála Bhaile Brigín, imeacht iontach agus lón líonraithe i láthair dar teideal ‘AI Without the Hype: A Straightforward Guide for Businesses’, agus beidh gnólachtaí Fhine Gall ag dul san iomaíocht le gnólachtaí nuathionscanta eile atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i gcomórtas cur i láthair gnó dar teideal ‘Pitch Perfect’.
Dé hAoine an 6 Márta, cuirfear Seisiún Faisnéise maidir le Tacaíochtaí Gnó ar siúl d’fhiontraithe atá ag lorg faisnéis faoi na tacaíochtaí stáit atá ar fáil dá ngnólacht nó dá ngnólacht nuathionscanta. Ansin, is cinnte go meallfaidh Claire McKenna, craoltóir clúiteach, spéis ollmhór nuair a bheidh sí i láthair mar aoi speisialta ag Lón Líonraithe Mhná Fiontracha Fhine Gall. Tagann an tSeachtain Fiontair Áitiúil chun deiridh tráthnóna Dé hAoine le seimineár Gréasáin ar líne darb ainm ‘Protect Your Ideas: A Practical Guide to IP for Small Businesses’, rud a mbeidh saineolaithe ó Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ag labhairt aige.
Ag labhairt dó ag seoladh na Seachtaine Fiontair Áitiúil agus faoin mborradh fostaíochta agus faoin gclár don tSeachtain Fiontair Áitiúil, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall:
“Is údar mór spreagtha é cruthú láidir post agus forbairt leanúnach fiontar a fheiceáil ar fud Fhine Gall. Tá na róil nua sin ina bhfíordheiseanna ar fud ár bpobal agus tá siad ina léiriú ar nuálaíocht agus treallús ár ngnólachtaí áitiúla.
Tá an tSeachtain Fiontair Áitiúil ina tionscnamh suntasach inár bhféilire bliantúil fós, agus tá clár na bliana seo ina mheascán den scoth d’imeachtaí d’fhiontraithe luathchéime agus d’úinéirí gnó seanbhunaithe. Molaim d’aon daoine a bhfuil smaoineamh gnó acu – nó dóibh siúd atá ag iarraidh an chéad chéim eile a thógáil – páirt a ghlacadh agus teagmháil a dhéanamh le hOifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall.”
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall:
“Léiríonn an fás leanúnach seo i bpoist ar fud Fhine Gall uaillmhian, athléimneacht agus inoiriúnaitheacht ár bpobail gnó áitiúil. Léiríonn na torthaí dearfacha a fógraíodh inniu an fíorthionchar atá ag tacaíochtaí leanúnacha, ag an nuálaíocht agus ag an gcomhoibriú ar an leibhéal áitiúil.
Agus an tSeachtain Fiontair Áitiúil 2026 á seoladh againn, beidh rochtain ag fiontraithe agus ag úinéirí gnó an athuair ar chlár den scoth atá deartha chun cumas a thógáil, chun líonraí a neartú agus chun dlús a chur le fás. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta fós do thimpeallacht rathúil dhinimiciúil fiontar a chothú sa chontae.”
Dúirt Oisín Geoghegan, Ceann Fiontair ag Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall:
“Tá na torthaí a fógraíodh inniu ina léiriú soiléir ar an ról ríthábhachtach a imríonn gnólachtaí beaga i bhforbairt gheilleagrach a bhrú chun cinn ar fud an réigiúin. Chun leanúint de phoist áitiúla a mhéadú agus de shaibhreas a chruthú, tá sé ríthábhachtach go soláthróimis na tacaíochtaí cearta do ghnólachtaí beaga agus do ghnólachtaí nuathionscanta. Sin é an fáth a gcuirtear tionscnaimh ar nós na Seachtaine Fiontair Áitiúil ar siúl. Cuirtear ceardlanna faoi stiúir saineolaithe, líonrú piaraí agus clinicí comhairle duine le duine le chéile i gclár na bliana seo, rud a chinntíonn fíorluach do ghnólachtaí ag gach céim.”
Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun clárú le haghaidh imeachtaí, téigh chuig: https://www.localenterprise.ie/fingal/enterprise-development/local-enterprise-week/local-enterprise-week-2nd-6th-march-2026.html