Bliain ollmhór an dul chun cinn a bhí i 2023 ag tionscadal Ár mBaile Brigín

Bliain mhór an dul chun cinn a bhí ann do Chlár €50 milliún Athnuachana Ár mBaile Brigín.  Cuireadh tús leis an bplean, atá mar aidhm aige úsaid a bhaint as  infheistíocht phoibl chun bunathrú a dhéanamh ar an mbaile, le hobair ar roinnt príomhthionscadal an bhonneagair atá már lárchuid den tionscnamh ollmhór.

Pocket park opening

Bliain mhór an dul chun cinn a bhí ann do Chlár €50 milliún Athnuachana Ár mBaile Brigín, dar le Cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta An Baile Brigín Seo Againne.

Cuireadh tús leis an bplean, atá mar aidhm aige úsaid a bhaint as  infheistíocht phoibl chun bunathrú a dhéanamh ar an mbaile, le hobair ar roinnt príomhthionscadal an bhonneagair atá már lárchuid den tionscnamh ollmhór.

“Agus sinne ceithre bhliain ar aghaidh anois ó seoladh Clár Athnuachain Ár mBaile Brigín 2019-2025, tá cruth ag teacht ar claochlú na foirgníochta ar an mbaile is óige in Éirinn,” a dúirt Cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta Ár mBaile Brigín, an tOllamh Brian MacCraith.

“Tá dul chun cinn ollmhór déanta againn sa bhliain 2023. Tháinig fís uaillmhianach an Chlár Athnuachana as rannpháirtíocht stairiúil an phobail inar léirigh os cionn 25% de chónaitheoirí Bhaile Brigín a gcuid roghanna maidir leis an mbaile ar mhian leo sna blianta le teacht.”

Dar le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, athróidh Clár Athnuachana Ár mBaile Brigín an baile ó bhun go barr.

“Cuirim fáilte mór roimh an dul chun cinn go dtí seo agus táim ag tnúth le méid ollmhór an deathionchair a thiocfaidh as,” a dúirt sé.

I ndiaidh don chonraitheoir a cheapadh, cuirfear tús leis an obair ar athfhorbairt cheantar Shráid na Cé agus an Chuain - agus Teach Bád an INRBT san áireamh - sa bhliain 2024, agus beidh an obair ar uasghrádú stáisiún pumpála Uisce Éireann le críochnú faoi dheireadh an Earraigh.

Cé go bhfuil carrchlós Shráid na Cé dúnta anois, tá carrchlós Lár an Bhaile ag feidhmiú fós mar is gnách agus tá páirceáil shealadach eile ar fáil ag Bóthar na bhFolcadán agus ag Carrchlós Chaisleán Bhré Mhór, áit a bhfuil an uasghrádú ar siúl fós.

Tá athfhorbairt Shráid na Cé agus an Chuain le críochnú sa bhliain 2025.

Tá oibreacha suntasacha feabhsúcháin ar áiseanna an chuain , lena n-áirítear seirbhísí fóntais agus dramhaíola chun iascaireacht a chosaint agus a fheabhsú mar aon le soilsiú breise, suíocháin agus bearta eile ar an gCé Thoir, beagnach críochnaithe anois.

Is cuid den fhís iomlán an obair seo chun úsáid níos leithne a bhaint as an gcuan, as an gcé agus as an teach solais  mar thaitneamhachtaí poiblí.

Agus scartáil shuíomh 14 Sráid an Droichid tar éis teacht i gcríchn, tá na hiarscríbhinní agus na tithe lasmuigh ar chúl 6a-12 Sráid an Droichid (suíomh De Bruns) á scartáil anois chomh maith.

Ceapfar Foireann Imeasctha an Dearaidh don tionscadal go luath. Déanfar idirghabháil luath agus leanúnach leis na geallsealbhóirí le linn próisis an dearaidh. Meastar go gcuirfear tús leis an obair ar an suíomh sa bhliain 2026.

Osclaíodh páirc phóca sealadach sa láthair agus tá aghaidh tosaigh na bhfoirgneamh atá ag féachaint amach ar Shráid an Droichid le coinneáil ionas go gcaomhnófar líne na sráide. Tá na foirgnimh seo lonnaithe laistigh de cheantar caomhantas na hailtireachta.

Déanfaidh Foireann Imeasctha an Dearaidh ullmhú mionteagasc dearaidh na forbartha cónaithe agus ilúsáide a mheas le haghaidh na húsáide is fearr a d’fhéadfadh a bhaint as an suíomh.

Cuirfear tús go luath leis na hoibreacha tosaigh ar shuíomh an teach folctha agus an teach bád agus déanfar suirbhé agus measúnú domhain ar an suíomh agus ar na foirgnimh ina dhiaidh sin.

Cuirfidh a leithéid bonn eolais ar fáil maidir le dearadh iomlán na n-oibreacha agus leis an togra pleanála chomh maith le hamlíne agus dáta críocnaithe dhóchúil an tionscadail. Tá pleananna i leith scáthlán snámha á gcur chun cinn faoi láthair ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Garsprioc tábhachtach eile is ea an cead pleanála a fuarthas maidir le Mol Cruthaitheach a thógáil ag 2-4 Sráid Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, gur bhain sí misneach as na forbairtí tábhachtacha a tháinig as Clár Athnuachana Ár mBaile Brigín sa bhliain 2023.

“Táimid ag súil le bheith ag obair i gcomhar leis an pobal na háite chun Ár gClár Athnuachana i mBaile Brigín a sheachadadh ar mhaithe le muintir an bhaile, ag cinntiú áit iontach le haghaidh cónaithe, le haghaidh oibre agus le haghaidh gnó a chur le chéile ann. Tá áthas orm a thabhairt faoi deara gur fhírbliain an dul chun cinn a bhí i 2023,” a dúirt sí.

Críochnófar an t-athbhreithniú ar Ghrúpa Ceannaireachta An Baile Brigín Seo Againne  agus ar a chuid Ghrúpaí Sainleasa i mí Márta na bliana 2024 chun a chuid rialachais a chinntiú amach anseo.

Pocket park opening

Léiríodh céim eile chun cinn i seachadadh na dtionscadal faoi Chlár €50 milliún Athnuachana An Baile Brigín Seo Againne nuair a osclaíodh an Pháirc Phóca shealadach ag 14 Sráid an Droichid. (l-r): Robert Cody, Assistant Parks and Landscape Officer, Fingal County Council Parks Department; Deputy Mayor of Fingal, Cllr Grainne Maguire; Kevin Halpenny, Senior Parks and Landscape Officer, Fingal County Council; Cllr Karen Power and AnneMarie Farrelly Chief Executive, Fingal County Council.  Back row: Cast members of the Lark Concert Hall’s ‘Beauty and the Beast’ pantomime.