Bí réidh lenár gcultúr a cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge 2026 i bhFine Gall

SNAG 2026

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag déanamh réidh lenár dteanga agus lenár gcultúr a cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge 2026, a bheidh ar siúl ón 1 Márta go dtí an 17 Márta. Tá athbheochan as cuimse tagtha ar an nGaeilge le déanaí agus molaimid duit páirt a ghlacadh inti sin de réir mar a spreagaimid do chách triail a bhaint as cibé Gaeilge atá acu. Beidh imeachtaí na Comhairle ar siúl in Áras an Chontae, Sord, i gcomhpháirt le hIonad Ealaíon Shéamais Mhic Aonghasa, i leabharlanna áitiúla, agus ag Diméin Ard Giolláin, agus beidh go leor imeachtaí eile á n-eagrú ag grúpaí Gaeilge ar fud an Chontae.

Ní do Sheachtain na Gaeilge amháin atá an Ghaeilge, agus ceiliúraimid an teanga le gníomhaíochtaí inár leabharlanna agus inár n-ionaid phobail agus ealaíon agus ag imeachtaí. Bhí an-tóir ar ár scéim Scoláireachtaí Gaeltachta, a thosaigh sa bhliain 2025, arís i mbliana, agus breis agus 500 iarratas faighte uirthi. Cuireadh in iúl do na 15 iarratasóir rathúla ó scoileanna ar fud an chontae, ó áiteanna amhail Baile Bhlainséir, Baile Brigín, Sord agus Cill Fhionntain, gur éirigh leo agus tugadh cuireadh dóibh chun freastal ar cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge dár gcuid in Áras an Chontae an 11 Márta.

Is iad Éamonn de Barra, Paudie O’Connor, agus Aoife Ní Chaoimh na ceoltóirí ríchumasacha a bheidh ar an ardán Dé Céadaoin an 11 Márta san Aitriam, Áras an Chontae, Sord. Beidh an ceiliúradh saor in aisce sin de chuid Sheachtain na Gaeilge a bheidh lán de cheol, de chraic agus de Ghaeilge ar siúl ó 7pm go dtí 9pm, le tacaíocht ó Ionad Ealaíon Shéamais Mhic Aonghasa. Is ceoltóir Éireannach traidisiúnta clúiteach as Baile Átha Cliath é Éamonn de Barra. Is flúiteadóir, pianódóir, seinnteoir feadóige stáin agus amhránaí den chéad scoth é, agus cáil air as Gradam TG4 do Cheoltóir Traidisiúnta Óg na Bliana a bhuachan. Is díséad cairdín agus fidle as Contae Chiarraí iad Paudie O’Connor agus Aoife Ní Chaoimh, a bhfuil tionchar mór ag traidisiún ceoil Shliabh Luachra i gCiarraí Thoir agus i gCorcaigh Thuaidh ar a gcuid ceoil. Bíonn an-tóir i gcónaí ar an gceiliúradh bliantúil sin, lena dtugtar díograiseoirí na Gaeilge ón gcontae le chéile. Mar sin de, ná caill amach air.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall páirteach sa tionscadal nuálach Gaeilge 365 a chuireann an Ghaeilge i gcroílár sheirbhísí na n-údarás áitiúil agus a chuireann an teanga chun cinn ar bhonn pobail, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch freisin. Tá baint ag baill foirne Chomhairle Contae Fhine Gall leis an gComhairle Chraiceáilte, tionscadal a thaispeánfar ag FÍS 2026 san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath, Déardaoin an 12 Márta, áit a mbeimid ag tarraingt aird ar an nGaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall agus ar an Leabharlann Fháilteach i Leabharlanna Fhine Gall.

Ag labhairt dó faoin bhféile, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tá rath agus bláth ag teacht ar an nGaeilge faoi láthair agus is é atá i Seachtain na Gaeilge ná deis do gach duine, bíodh siad nua don teanga nó líofa inti, a dteanga uathúil féin a cheiliúradh agus triail a bhaint as an gCúpla Focal.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá ríméad orainn leanúint de thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus í a cheiliúradh laistigh den Chomhairle agus den Chontae, agus gach duine a spreagadh chun í a thriail ar bhealach spraíúil ionchuimsitheach trí na himeachtaí iomadúla a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge. Léiríonn an tóir leantach atá ar ár Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta go mbíonn daoine óga fós ag glacadh leis an teanga agus ag aithint a luacha, lena n-áirítear le haghaidh deiseanna fostaíochta, go háirithe san earnáil phoiblí.”

Beidh a lán imeachtaí ar siúl i leabharlanna áitiúla, amhail Seó Draíochta le Quentin Reynolds i Leabharlann na Sceirí an 7 Márta ó 2pm go 3pm. Beidh Seisiún Spraíúil le Sarah Sparkles ar siúl Déardaoin an 12 Márta i Leabharlann Mhullach Íde idir 10am agus 11am agus i mBaile Dúill idir 12pm agus 1pm.

Píosa Spraoi le Cupán Focal! Spraoi le Cup of Focail!) le hÁine Gallagher, Scéalta Béaloidis, Scéalta agus Spraoi le Seosamh Ó Maolalaí, oíche filíochta dátheangaí agus go leor eile. Féach: https://www.fingal.ie/spring-fingal-libraries-2026

Déardaoin an 5 Márta, treoróidh Dominica McKevitt, an Príomh-Gharraíodóir, agus Bernie Kelly, an tOifigeach Gaeilge, siúlóid dhátheangach i nDiméin Ard Giolláin, Baile Brigín, áit a mbeidh tú in ann comhrá a dhéanamh as Gaeilge amuigh faoin aer i dtimpeallacht álainn. Bí os comhair an Chaisleáin (os comhair na farraige) ag 11am. Beidh tob-Ghaeltacht ar siúl in Ionad Shéamais Mhic Aonghasa an 19 Márta ag 5.30pm, agus seisiún amhránaíochta ar siúl ina dhiaidh sin.

Dúirt Bernie Kelly, an tOifigeach Gaeilge: “Tá ár dteanga dhúchais álainn ar cheann de na cinn is sine atá fós ann agus tá sí i ngach áit timpeall orainn, bíodh sí inár logainmneacha nó inár n-amhráin. Mholfainn do gach duine triail a bhaint as cúpla focal Gaeilge a labhairt le linn Sheachtain na Gaeilge agus freastal ar roinnt de na himeachtaí seo, más féidir leo. Ná déan dearmad gur trí bheith á labhairt a mhaireann teanga – Beatha Teanga í a Labhairt!”

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach https://www.fingal.ie/seachtain-na-gaeilge-2026 nó déan teagmháil le [email protected]

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, féach https://sceal.ie/imeachtai/.