Bí réidh le hoidhreacht shaibhir Fhine Gall a cheiliúradh le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025 ón 16 Lúnasa go dtí an 24 Lúnasa.

Beidh raon leathan imeachtaí ar siúl i bhFine Gall, lena n-áirítear siúlóidí, cainteanna, turais, taispeántais agus mar sin de.

Heritage Week Irish

Beidh raon leathan imeachtaí ar siúl i bhFine Gall, lena n-áirítear siúlóidí, cainteanna, turais, taispeántais agus mar sin de.
Bí réidh le hoidhreacht shaibhir Fhine Gall a cheiliúradh le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025 ón 16 Lúnasa go dtí an 24 Lúnasa. Beidh raon leathan imeachtaí ar siúl i bhFine Gall, lena n-áirítear siúlóidí, cainteanna, turais, taispeántais agus mar sin de. Ócáid ina gceiliúrtar oidhreacht seandálaíochta, thógtha, nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann is ea Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta. Tá sé mar aidhm léi feasacht a chothú ar ár n-oidhreacht agus, ar an tslí sin, caomhnú ár n-oidhreachta a spreagadh.

 

 

Digging Drumanagh

Le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta, ar clár de chuid na Comhairle Oidhreachta é, tugtar pobail, teaghlaigh, eagraíochtaí, forais chultúrtha, acadóirí agus díograiseoirí le chéile. Le téama na bliana seo, eadhon, ‘Ár mBunchlocha a Fhiosrú’, tugtar cuireadh dúinn bloic thógála ár n-oidhreachta a cheiliúradh, idir thírdhreacha, fhoirgnimh, scileanna traidisiúnta agus scéalta. 
Ceiliúir 10 mBliana de Sheandálaíocht Pobail i bhFine Gall lenár dtaispeántas i gCaisleán Shoird nó glac páirt i roinnt gníomhaíochtaí iarthochailte. Tabhair turas ailtireachta ar Chaisleán Mhullach Íde nó ar Theach an Droichid Nua, ar turas é a bheidh ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tar chun na Sceirí chun foghlaim faoinár dtroscán sráide stairiúil; tabhair cuairt ar Phort Mearnóg chun páirt a ghlacadh i dtionscadal Chrios Cósta Fhine Gall dár gcuid nó téigh i bpáirt le baill de Líonra Oidhreachta Fhine Gall i Mullach Íde le haghaidh Oíche Oidhreachta Fhine Gall an 20 Lúnasa, ar lena linn a chomhroinnfidh na baill cainteanna gearra faoina limistéir áitiúla.
Faigh radhairc ar an taobh istigh de na foirgnimh le turas ar Eaglais agus Reilig Mhuire a bheidh faoi threoir ag Cumann Oidhreachta Chluain Saileach agus Bhaile an Phóirtéaraigh nó le turas ar Eaglais Dúiligh i gCionn Sáile. De rogha air sin, siúil trí dhiméin stairiúil Chionn Iúir le Turasóireacht an Rois, nó glan do cheann le Siúlóid agus Caint chósta Éire 6 i mBinn Éadair. Beidh deis ann eolas a fháil faoi Oidhreacht Bia Fhine Gall ag Margadh Bia Shoird agus foghlaim faoin mbithéagsúlacht le Ceardlann Dúlra i mBaile Dúill agus le Fíricí faoi Ialtóga i nDomhnach Bat.

Malahide Castle Hero

Chun ár dteanga dhúchais a cheiliúradh, tá fáilte romhat teacht linn le haghaidh oíche in aisce a bheidh lán de Cheol, de Chraic agus de Ghaeilge i Halla an Chontae, Sord, Dé Luain an 18 Lúnasa. Seolfaimid podchraoladh as Gaeilge freisin ina labhróidh roinnt baill foirne de Chomhairle Contae Fhine Gall faoi cén fáth a bhfuil an Oidhreacht tábhachtach dóibh. De rogha air sin, is féidir leat cuairt a thabhairt ar cheann dár réadmhaoine Oidhreachta agus taitneamh a bhaint as turais threoraithe as Gaeilge. 

Tacaigh le d’imeachtaí oidhreachta pobail amhail taibhléirithe Chleamairí Fhine Gall i mBaile Bachaille, Sábháil Síolta i mBaile Bhlainséir, cuairt a thabhairt ar an lá oscailte ag an Músaem Náisiúnta Iompair i mBinn Éadair, nó taitneamh a bhaint as an lá pobail i Loch Sionnaigh. Beidh gach duine, beag beann ar aois, in ann páirt a ghlacadh sna himeachtaí ar bhealaí éagsúla. Chomh maith le ‘Cruthaigh do Chaisleán Féin’ i gCaisleán Ard Giolláin, le cainteanna Suirbhé Gabhlán Gaoithe i Lusca agus le ceardlanna ginealais i Sord, beidh breis agus 50 imeacht ann ar fud Fhine Gall a mbeifear in ann taitneamh a bhaint astu.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: ‘Deis iontach chun taitneamh a bhaint as ár n-oidhreacht shaibhir i bhFine Gall agus chun í a cheiliúradh is ea Seachtain na hOidhreachta. Comhghairdeas le Christine Baker, an tOifigeach Oidhreachta, agus le gach duine a d’eagraigh an raon iontach imeachtaí agus tionscadal a bheidh ar siúl. Molaim duit freastal ar roinnt den líon mór cainteanna, siúlóidí, taispeántas agus ceardlann faisnéiseach ar fud an chontae, áit a mbeifear in ann taitneamh a bhaint as Oidhreacht Fhine Gall ar raon leathan bealaí.’
Dúirt Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall: ‘Is é téama na bliana seo ná Ár mBunchlocha a Fhiosrú, agus baineann sé le pobail a cheangal le bloic thógála ár n-oidhreachta, idir an tírdhreach, na foirgnimh atá istigh ann agus scileanna agus scéalta na ndaoine sin atá caillte agus cuimhní orthu, ar nithe iad sin ar a bhfuil saol an lae inniu bunaithe. Bíodh siúlóidí, léamha, taispeántais nó ceol traidisiúnta i gceist leis, beidh rud éigin ann do gach duine le linn Sheachtain na hOidhreachta 2025 i bhFine Gall.’
Chun amharc ar an gclár iomlán, téigh chuig  www.heritageweek.ie

 

Ceol Craic agus Gaeilge 18 Lúnasa