Bí Páirteach i nGlantachán Pobail Bhaile Átha Cliath ó 11 go 19 Meán Fómhair

Glac páirt san imeacht glantacháin is mó i mBaile Átha Cliath a bheidh ar siúl idir 11 and 19 Meán Fómhair.

Community Clean UP

Tá na heagraíochtaí a leanas ag teacht le chéile don imeacht glantacháin is mó i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair – na ceithre hÚdarás Áitiúil, Cóstaí Glana, Glantachán Náisiúnta Earraigh, Clár Uiscí an Údaráis Áitiúil, Canálacha Chathair Bhaile Átha Cliath, Buíon Ghníomhaíochta na Dothra, cónaitheoirí, oibrithe deonacha, agus grúpaí pobail ar fud an chontae.

Tá Glantachán Pobail Bhaile Átha Cliath ag tógáil ar an méid a baineadh amach in 2019 nuair a bhí 180 glantachán éagsúil ann ar fud an chontae.  I mbliana reáchtálfar an ócáid idir 11 and 19 Meán Fómhair agus is cuid í de Sheachtain um Ghníomhú ar son an hAeráide Bhaile Átha Cliath. Is féidir leat do ghlantachán féin a eagrú nó páirt a ghlacadh i gceann i do cheantar féin. Cuirfidh na húdaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath feisteas ar fail. Féach suíomh gréasáin Glantachán Pobail Bhaile Átha Cliath le haghaidh tuilleadh eolais www.dublincommunitycleanup.ie.

Dúirt Méara Fhina Gall, an Clr. Seána Ó Rodaigh “Is mó tábhacht ná riamh a bhaineann lenár spásanna allamuigh le bliain anuas. Speagaim gach duine páirt a ghlacadh sa Ghlantachán Pobail i Meán Fómhair. Fiú an gníomh is lú, beidh sé ina chabhair.”

Dúirt Oifigeach Feasachta Comhshaoil, Comhairle Contae Fhine Gall, Sinéad Fox “Is deis iontach é seo do ghrúpaí agus do chónaitheoirí i bhFine Gall brú a chur chun go dtarlóidh glantachán suntasach. Má phioctar suas bruscar, ní chríochnóidh sé san fharraige. Beidh tionchar dearfach aige seo ar ár spásanna agus ar na heiceachórais mhara. Comhghairdeas le gach duine agus go háirithe leo siúd a bhíonn ag piocadh suas bruscair an bhliain ar fad”.

Dúirt Richard Curtin Oifigeach Cósta Glana do réigiún Bhaile Átha Cliath, “Tá áthas orainn bheith páirteach i nGlantachán Pobail Bhaile Átha Cliath arís in 2021. Le bliain go leith anois, bhain an-chuid daoine tairbhe as bheith amuigh faoin spéir ag baint taitneamh as áilleacht na háite. Tugann Glantachán Pobail Bhaile Átha Cliath an deis dúinn rud éigiin a thabhairt ar ais agus cabhrú chun an timpeallacht a chosaint don todhchaí”.

An Meán Fómhair seo, déanaimis iarracht an pobal go léir a thabhairt le chéile agus déanaimis ár ndícheall go mbeidh Baile Átha Cliath saor ó bhruscar, ó na sléibhte go dtí an fharraige.   

Cliceáil an nasc chun eolas a fháil ar conas clárú le haghaidh glantacháin https://dublincommunitycleanup.ie/

Íoslódáil na sócmhainní anseo do do mheán sóisialta.

Bain úsáid as na haischlibeanna, le do thoil, nuair atá tú ag tagairt don imeacht sna meáin shóisialta #ireland #litter #sourcetosea #Communities4Environment  

Community Clean Up