An Bhratach Ghlas ar Foluain ag Trá Theas an Rois

Chuir Méara Fhine Gall, an Comh. Seána Ó Rodaigh, an Bhratach Ghlas, a léiríonn an Gradam Cósta Glas 2021 a bronnadh, ar foluain ar Thrá Theas an Rois inniu. Bhuaigh an Trá an Gradam mór le rá den chéad uair in 2021, a thugann sármhaitheas timpeallachta le fios.

Green Flag Rush

Chuir Méara Fhine Gall, an Comh. Seána Ó Rodaigh, an Bhratach Ghlas, a léiríonn an Gradam Cósta Glas 2021 a bronnadh, ar foluain ar Thrá Theas an Rois inniu. Bhuaigh an Trá an Gradam mór le rá den chéad uair in 2021, a thugann sármhaitheas timpeallachta le fios.  Gné thábhachtach de ghradaim an Chósta Ghlais é go n-oibríonn Údaráis Áitiúla leis an bpobal agus d’oibrigh Bailte Slachtmhara an Rois, Grúpa Cóstaí Glana an Rois agus Turasóireacht an Rois as lámh an Mhéara agus Stiúrthóir Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall, Mary T Daly, agus a foireann.

Tugann Gradam Cósta Glas sármhaitheas timpeallachta le fios agus bunaíodh é chun timpeallacht ár dtránna a aithint, a chur chun cinn agus a chosaint. Bronntar an gradam ar thránna a bhaineann sárcháilíocht uisce amach agus a bhfuil cáil orthu i ngeall ar a dtimpeallacht nádúrtha neamh-mhillte freisin. Caithfear bainistiú a dhéanamh ar láithreáin i gcomhar leis an bpobal áitiúil go ndéanfar breithniú orthu do Ghradam Cósta Glas agus, i gcás an Rois, bhí Comhairle Contae Fhine Gall ag oibriú go dlúth le Bailte Slachtmhara an Rois, Grúpa Cóstaí Glana an Rois agus Turasóireacht an Rois. 

Trá fhada ghaineamhach é Trá Theas an Rois a shíneann ar feadh breis agus 2 chiliméadar feadh an chósta agus ar a bhfuil radhairc dhochreidte áille agus tacaíonn córas dea-bhunaithe dumhcha leis. D’fhógair An Taisce Gradam Cósta Glas mór le rá níos luaithe i mbliana ag searmanas fíorúil inar choimeád an Trá Mhín i bPort Mearnóg i bhFine Gall a stádas Brataí Goirme agus Cósta Ghlais agus inar choimeád Trá an Choinicéir i gCill Fhionntain a gradam Cósta Glas.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Seána Ó Rodaigh:   “Tá gliondar croí orm an Bhratach a chur ar foluain don Ghradam Cósta Glas do Thrá Theas an Rois inniu. Aithníonn an bhratach na blianta a chaith Bailte Slachtmhara an Rois agus Grúpa Cóstaí Glana agus Turasóireacht an Rois de bheith tiomanta agus le hobair dhian a dhéanamh i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall chun an taitneamhacht iontach nádúrtha seo a chothú chun gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as.”

Dúirt Mary T Daly, Stiúrthóir Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall, “Tá ríméid orm thar ceann m’fhoirne tiomanta in Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall agus na n-oibrithe deonacha tiomanta ó phobal an Rois an Bhratach Ghlas a chur ar foluain ar Thrá Theas an Rois inniu. Tugann gradam Cósta Glas an tsármhaitheas le fios i dtaobh an timpeallacht nádúrtha a chosaint agus tá gliondar croí orm gur bhain Trá Theas an Rois an stádas seo amach, agus go bhfuil sé i measc na dtránna buaiteacha ag an gCoinicéar i gCill Fhionntain agus an Trá Mhín i bPort Mearnóg.”

“Bhíomar dírithe ar an ngradam Cósta Glas a bhaint amach do Thrá Theas an Rois ó bhunaíomar ár ngrúpa Cóstaí Glana i mBealtaine 2018. Léiríonn an toradh tiomantas ár n-oibrithe deonacha a phiocann bruscar suas ar a siúlóidí laethúla feadh na trá, agus a thugann faoi ghlantacháin mhórscála nár tharla chomh minic ceanna nuair a bhí srianta COVID i bhfeidhm”, a dúirt Brendan O'Reilly, Comhordaitheoir Chóstaí Glana an Rois.

"Tá ríméid ar Thurasóireacht an Rois gur bhain Trá Theas an Rois stádas Brataí Glais amach a bhuíochas le hobair thiomanta na n-oibrithe deonacha inár sráidbhaile a leanann ‘Three for the Sea’ de bheith mar a mantra ar a siúlóidí laethúla ina ndéanann siad trí phíosa bruscair a phiocadh suas. Tá leas á bhaint ag an líon is airde daoine as ár dtránna i ndiaidh do dhaoine dul ar saoirí sa bhaile le dhá bhliain anuas, agus bheadh súil againn leis cur leis an rath a bhí ar an gclár Cóstaí Glana a thosaigh Bailte Slachtmhara an Rois agus stádas Brataí Goirme a bhaint amach faoi shamhradh 2022", a dúirt Angela Byrne, Turasóireacht an Rois.

 

Green Flag Rush
Green Flag Rush
Green Flag Rush