Beifear in ann 5,000 teach nua a thógáil mar gheall ar cheadú an athraithe mhóir ar Phlean Forbartha Fhine Gall
Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis athrú suntasach ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023–2029 a cheadú go foirmiúil, rud a réitíonn an bealach le haghaidh 5,000 teach breise a sholáthar ar fud an chontae. Tagann an cinneadh sna sála ar phróiseas iomlán comhchomhairliúcháin phoiblí agus ar dhíospóireacht mhionsonraithe ag comhaltaí tofa.
Tugadh an t-athrú ar aghaidh mar fhreagairt do na Treoirlínte maidir le ‘Cur i bhFeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála – Riachtanais Fáis Tithíochta’ ón Rialtas, ar treoirlínte iad lena gceanglaítear ar údaráis áitiúla an soláthar tithíochta a mhéadú agus an seachadadh a bhrostú. Mar chuid d’athbhreithniú cuimsitheach ar an soláthar talún, shainaithin Comhairle Contae Fhine Gall deiseanna chun criosú cónaithe a leathnú agus chun tacú le fás dlúth dea-phleanáilte.
A bhuí leis an leathnú sin, méadófar acmhainn fhoriomlán forbartha Fhine Gall – a socraíodh ar dtús ag 35,000 teach – agus cinnteofar ailíniú le spriocanna náisiúnta nuashonraithe tithíochta agus le sonraí daonáirimh. Fágann sé go gcabhródh an plean nuashonraithe le tógáil thart ar 40,000 teach ar thart ar 850 heicteár a éascú, rud a thacódh le fás fadtéarmach, le hinacmhainneacht agus le forbairt inbhuanaithe pobail.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is é atá sa chinneadh freastal ar 5,000 teach nua sa bhreis ná céim shuntasach i dtreo freastal ar na riachtanais tithíochta atá ag ceann amháin de na daonraí is gasta fás agus is éagsúla sa tír. Ós rud é gurb ionann tithíocht agus an infheistíocht is mó atá á déanamh againn, tá ceadú an athraithe seo ina léiriú ar thiomantas láidir do thithe níos inbhuanaithe a sholáthar sna láithreacha cearta – áiteanna inar féidir le pobail fás agus rath a bhaint amach.”
Colún mór den athrú ceadaithe is ea an fhorbairt bheartaithe ar limistéar cónaithe nua i nDún Sinche. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú go gníomhach don tionscadal sin le 18 mí anuas, agus luathobair phleanála agus mheasúnachta á déanamh aici chun go mbeifear in ann thart ar 2,500 teach nua a sholáthar sa ghearrthéarma. Fágann sé sin go mbeidh Dún Sinche ar an rannchuiditheoir is mó leis an acmhainn tithíochta breise a chuirfear leis tríd an athrú.
Trí Dhún Sinche a thabhairt chun cinn mar cheantar cónaithe nua, ní hé amháin go bhfuil an Chomhairle ag leathnú na hacmhainne, ach tá sí ag léiriú tiomantas straitéiseach fadtéarmach freisin: talamh dea-shuite a úsáid chun pobail tionachta measctha a chruthú a mbeidh naisc láidre iompair, seirbhísí láidre agus acmhainneacht láidir fostaíochta acu. Táthar ag súil go dtiocfaidh forbairt Dhún Sinche chun bheith ar cheann de na tionscadail fairsingithe uirbigh is suntasaí i réigiún Bhaile Átha Cliath le linn shaolré an Phlean Forbartha.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Ós rud é go bhfuil an t-athrú seo ceadaithe anois, tá Fine Gall i riocht maith chun bogadh ar aghaidh le muinín athnuaite agus le tiomantas soiléir do sholáthar leanúnach tithíochta ar fud an chontae. Tá 852 heicteár de thalamh cónaithe criosaithe sa Chontae anois, chomh maith le 164 heicteár i nDún Sinche agus le 225 heicteár laistigh den Chúltaca Straitéiseach. I dteannta a chéile, beidh siad sin ina bpíblíne láidir agus chothromaithe lena gcuirfear dlús suntasach leis an soláthar tithe nua sna blianta amach romhainn.”
Lasmuigh de cheantar nua Dhún Sinche, déanfar 2,500 teach breise a éascú trí thalamh a athchriosú i roinnt láithreacha atá roghnaithe go straitéiseach ar fud Fhine Gall, lena n-áirítear Cnoc an Sciobóil, Cluain Saileach, Baile an Ridire, na Sceirí, Lusca, Mullach Íde, Cionn Sáile, agus Cluain Ghrífín. Sainaithníodh iad sin go léir le linn athbhreithniú na Comhairle mar láithreacha atá in ann tacú le forbairt dhlúth dhea-nasctha a bhfreastalóidh iompar poiblí agus an bonneagar pobail atá ann cheana uirthi.
Dúirt Róisín Burke, Stiúrthóir Pleanála, Comhairle Contae Fhine Gall: “Rinneadh obair shuntasach chun a chinntiú go mbainfí an chothromaíocht cheart amach sna leithdháiltí criosaithe nua idir freastal ar an éileamh tithíochta, an comhshaol a chosaint, an acmhainn bonneagair a mheaitseáil, agus tacú le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach. Ní hé amháin go n-oireann an t-athrú ceadaithe do spriocanna náisiúnta nuashonraithe, ach cuireann sé Fine Gall i riocht maith freisin chun pleanáil a dhéanamh go straitéiseach agus go freagrach do na blianta amach romhainn.” Spreagadh an t-athrú le Treoirlínte Alt 28 maidir le Cur i bhFeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála – Riachtanais Fáis Tithíochta, a tháinig in ionad na Modheolaíochta Spriocanna Soláthair Tithíochta le haghaidh Pleanáil Forbartha, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála, a foilsíodh i mí na Nollag 2020. Ag teacht sna sála ar fhoilsiú na dtreoirlínte nua i mí Iúil, d’iarr James Browne TD, an tAire Tithíochta, ar gach ceann den 31 údarás áitiúil athbhreithniú a dhéanamh ar na Pleananna Forbartha uathu agus na spriocanna bliantúla nua maidir le soláthar tithíochta a chur ar áireamh iontu.
Mar chuid den phróiseas comhchomhairliúcháin reachtúil, bhí an t-athrú ar taispeáint go poiblí agus iarradh ionchur ina leith ó phobail áitiúla ar fud Fhine Gall. Rinneadh thart ar 1000 tuairim le linn na tréimhse sin.