Baineadh an réamhfhógra don Trá Mhín, Port Mearnóg agus Loch Sionnaigh

Baineadh na réamhfhógraí a eisíodh le haghaidh an Trá Mhín, Port Mearnóg agus Loch Sionnaigh ag Comhairle Contae Fhine Gall.   

 

 

Portmarnock aviation

Baineadh na réamhfhógraí a eisíodh 26 Lúnasa le haghaidh an Trá Mhín, Port Mearnóg agus Loch Sionnaigh ag Comhairle Contae Fhine Gall.   

Fuarthas torthaí na hanailíse saotharlainne ar shamplaí a tógadh an 27 Lúnasa, 2020 inniu agus mar thoradh ar fhilleadh ar stádas “sármhaith” bainfear an fógra Toirmisc (Ná Snámh) a eisíodh inniu

Tabhair le fios le do thoil, mar thoradh ar iarratais ó  shnámhóirí rialta don eolas thuas, eiseoidh Comhairle Contae Fhine Gall fógraí anois trínár seirbhís Fógraí Fhine Gall maraon leis na modhanna cumarsáide atá ann cheana.

Spreagtar snámhóirí chun clárú le haghaidh Fógraí Fhine Gall ag alerts.fingal.ie agus a chinntiú go roghnaíonn siad an chatagóir “Fógraí Pobail” a fháil. Dóibh siúd a chláraigh le haghaidh Fógraí Fhine Gall cheana féin, is féidir leat a sheiceáil má tá an chatagóir seo roghnaithe agat cheana féin trí logáil isteach ar alerts.fingal.ie.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.