Baineadh 160 feithicil mar chuid d’Oibríocht Mhór Imréitigh Feithicle Deireadh Saoil ag Lána Naomh Críostóir

Thug Comhairle Contae Fhine Gall faoi oibríocht mhór Feithicil Deireadh Saoil (ELV) inné ag Lána Naomh Críostóir, Ceapach, Baile Átha Cliath 11 inar baineadh 160 Feithicil Deireadh Saoil ón láithreán.

 

Further end of life vehicles piled on one another in a ditch

Thug Comhairle Contae Fhine Gall faoi oibríocht mhór Feithicil Deireadh Saoil (ELV) inné ag Lána Naomh Críostóir, Ceapach, Baile Átha Cliath 11 inar baineadh 160 Feithicil Deireadh Saoil ón láithreán.

Bhí 70 pearsanra i gceist leis an oibríocht ilghníomhaireachta a chuimsigh baill den Gharda Síochána, Cosaint Shóisialta, Forfheidhmiú Dramhaíola, an Oifig Náisiúnta um Loingsiú Trasteorann agus an tÚdarás Ceannais Réigiúnach um Fhorfheidhmiú Dramhaíola   (WERLA).

Ag baint úsáide as conraitheoirí, oibreoirí aisghabhála agus measúnóirí feithiclí baineadh 160 feithicil as an láithreán agus tugadh chuig saoráid cóireála údaraithe (ATF) iad le hathchúrsáil agus le diúscairt. Mar chuid den oibríocht baineadh 170 tonna de dhramhaíl a dumpáladh go mídhleathach chomh maith agus rinneadh oibreacha sibhialta suntasacha chun tuilleadh gníomhaíochta mídhleathaí a chosc. Úsáidfear meascán de mhonatóireacht CCTV, cigireachtaí ar fhorfheidhmiú dramhaíola agus faireachas Garda chun tuilleadh gníomhaíochta mídhleathaí ELV a chosc ar Lána Naomh Críostóir.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir. David Healy: "Ba oibríocht riachtnach í seo chun díchóimeáil cheart staid neamhúdaraithe agus díobhálach don chomhshaol a chinntiú. Tá riosca suntasach don chomhshaol bainteach le stóráil agus díchóimeáil neamhúdaraithe feithiclí deireadh saoil (ELVanna – feithiclí as úsáid agus feithiclí earraí). Tá go leor ábhar guaiseach ag ELVanna ar nós ceallraí aigéid luaidhe, ola bhealaithe, fuarthán, leacht coscán, agus tiontairí catalaíocha, agus caithfear gach ceann díobh a dhiúscairt go sábháilte d’fhonn truailliú a chosc.”

“Tá an-áthas orm gníomh chomh éifeachtach sin a fheiscint ag Rannán Forfheidhmithe Dramhaíola Chomhairle Contae Fhine Gall agus iad ag oibriú i gcoinne na láithreán seo. Tréaslaím leo agus leis na gníomhaireachtaí eile (An Garda Siochana, Custaim, an Roinn Cosanta Sóisialta agus an tÚdarás Ceannais Réigiúnach um Fhorfheidhmiú Dramhaíola) a bhí páirteach ann.”

“Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta ár n-ithreacha agus ár n-uiscí a chosaint ó thruailliú dramhaíola. Is féidir le saoránaigh a gcuid féin a dhéanamh trí oibríochtaí dramhaíola mídhleathacha a thuairisciú do Chomhairle Contae Fhine Gall – An Rannán Comhshaoil Teil: 01 8905000."

Eiseofar fíneáil ar úinéirí aitheanta aon cheann de na feithiclí a fuarthas dumpáilte ar Lána Naomh Críostóir. Tá sé de fhreagracht dhlíthiúil ar an úinéir cláraithe feithicil deireadh saoil a thabhairt chuig saoráid cóireála údaraithe (ATF) a dhéanfaidh diúscairt ar an bhfeithicil agus a eiseoidh deimhniú scriosta. Cinntíonn deimhniú scriosta nach féidir aon idirbhearta breise mar athrú úinéireachta a phróiseáil i gcoinne na feithicle. Mura ndéantar é seo féadfar fíneáil €100 a ghearradh.

Is saoráidí ceadaithe iad ATFanna atá údaraithe chun feithiclí deireadh saoil a chóireáil agus a aisghabháil (ar a dtugtar dramh-ghluaisteáin agus veaineanna beaga de ghnáth). Tá an bonneagar riachtanach acu chun ELVanna a stóráil, a chóireáil agus a aisghabháil. Trí fheithicil a chur ag ATF cinntítear go ndéanfar an fheithicil a dhíchóimeáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus go mbainfear an t-ábhar guaiseach go léir di, sula scriostar an fheithicil.

Tarraingíodh aird ar láithreáin neamhúdaraithe Feithicil Deireadh Saoil (ELV) mar Thosaíocht Náisiúnta um Fhordheidhmiú Dramhaíola do 2020 d’údaráis áitiúla. Tá stóráil agus díchóimeáil neamhúdaraithe ELVanna ina bhaol suntasach don chomhshaol. Tá raon olaí dramhaíola agus leachtanna eile ag ELV a bhféidfeadh éifeacht shuntasach a bheith acu ar an gcomhshaol mura ndéantar iad a dhíscaoileadh agus a dhiúscairt i gceart. Tá go leor ábhar guaiseach ar nós ceallraí aigéad luaidhe, leachtanna lena n-áirítear ola bhealaithe, fuarthán leacht coscán, agus tiontairí catalaíocha, agus caithfear gach ceann díobh a dhiúscairt go sábháilte d’fhonn truailliú a chosc.   

Dúirt Ethna Felten, Stiúrthóir Comhshaoil agus Gníomhaithe ar son na hAeráide ag Comhairle Contae Fhine Gall: “Tarraingíodh aird ar laithreáin Neamhúdaraithe Feithicil Deireadh Saoil (ELV) mar Thosaíocht Náisiúnta um Fhorfheidhmiú Dramhaíola d’údaráis áitiúla ar fud na tíre. Tá stóráil agus díchóimeáil neamhúdaraithe ELVanna ina bhaol suntasach don chomhshaol. Is cuid é seo de phlean níos mó na Rannóige um Fhorfheidhmiú Dramhaíola chun gach láithreán neamhúdaraithe a oibríonn gan cead pleanála agus/nó cead saoráide dramhaíola a rialáil/a dhúnadh sna míonna atá amach romhainn.”

D’aithin Rannán Forfheidhmithe Dramhaíola Chomhairle Contae Fhine Gall roinnt láithreán neamhúdaraithe ELV trí mhonatóireacht CCTV, suirbhéanna dróin agus eolas áitiúil a úsáid. Leanfar ar aghaidh ag iniúchadh na láithreán seo sna míonna atá amach romhainn ag úsáid cur chuige ilghníomhaireachta agus á ndúnadh má aimsítear go bhfuil siad ag feidhmiú go mídhleathach gan na húdaruithe riachtanacha.