Baile Bachaille - Seaimpíní Galf Dhá Mhaide Fhine Gall & Oirthear na Mí 2021

Is é Club Galf Dhá Mhaide Bhaile Bachaille Seaimpíní Fhine Gall agus Oirthear na Mí don dara bliain as a chéile. Ba é Laoch Bhaile Bachaille, Ronnie Delaney, a bhunaigh an comórtas, atá á reáchtáil don séú bliain as a chéile i mbliana, le tacaíocht ó Oifigeach Forbartha Spóirt Fhine Gall, Caitríona Geraghty.

Ballyboughal Pitch & Putt

Is é Club Galf Dhá Mhaide Bhaile Bachaille Seaimpíní Fhine Gall agus Oirthear na Mí don dara bliain as a chéile. Bhí géariomaíocht i rith an Chomórtais a reáchtáladh ag Club Galf Dhá Mhaide Choimín na Roinne ar an Aoine, an 3 Meán Fómhair 2021, agus go dtí an tráthnóna ar reáchtáladh an Craobhchomórtas. Bhí foireann iomaíochta Oirthear na Mí, Baile an Bheileogaigh, leathphointe chun tosaigh roimh an gCraobhchomórtas, chun tosaigh ar Fhoireann A Bhaile Bachaille, agus ní raibh foireann na Sceirí/Bhaile an Lígh i bhfad ar gcúl agus ní raibh ach pointe go leith idir na foirne ag barr an tábla.   Ach ba é foireann Bhaile Bachaille, a bhuaigh trí bhabhta agus a bhí ar comhscór i mbabhta eile, a bhí ag barr an tábla, agus i mbliana ní raibh gá ar bith le babhta réitigh, murab ionann agus blianta roimhe seo.

 Bhí dhá fhoireann ag Baile Bachaille agus ag Coimín na Roinne sa Chomórtas, rud a thug deis do níos mó imreoirí a bheith páirteach agus cloí le Treoirlínte Covid maidir le Filleadh go Sábháilte ar Spórt. Ba é Foireann A Bhaile Bachaille a thug an duais leo.  Bhí a gCaptaen, Jimmy Browne, lánsásta glacadh leis an trofaí ó Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, a thacaigh leis an gcomórtas ar an oíche.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Méara, “cúis áthais go bhfuil foirne ó Fhine Gall agus Oirthear na Mí ag glacadh páirte agus go bhfuil Oifig Spóirt Fhine Gall ag tacú leo, agus baineann tábhacht le gné shóisialta an chomórtais seo chomh maith céanna”

Ba é Laoch Bhaile Bachaille, Ronnie Delaney, a bhunaigh an comórtas, atá á reáchtáil don séú bliain as a chéile i mbliana, le tacaíocht ó Oifigeach Forbartha Spóirt Fhine Gall, Caitríona Geraghty.  Is i rith mhí Lúnasa a reáchtáiltear an comórtas, agus bíonn deis ag na hiomaitheoirí a bheith ag imirt ag Cúrsaí Galf Dhá Mhaide i mBaile Bachaille, Baile an Bheileogaigh, Baile an Lígh, agus reáchtáiltear an craobhchomórtas ag Coimín na Roinne gach bliain.

Tá na hiomaitheoirí ag dul i bhfeabhas de réir mar atáthar ag leanúint leis an gcomórtas agus i mbliana d’éirigh le triúr Imreoirí Bhaile an Bheileogaigh an liathróid a chur sa pholl d’aon bhuille amháin - Willie Corry, Paddy Mallon agus Nigel McQuaile ag cúrsaí Bhaile Bachaille, Bhaile an Lígh agus Choimín na Roinne faoi seach. Anuraidh bunaíodh gné nua sa chomórtas, An Duine is Gaire don Bhratach. Ag Cúrsa Bhaile Bachaille, ba é Bob Ryan, ag a chúrsa baile, an té ba ghaire don bhratach agus d’éirigh le Bernie O’Driscoll, as Baile Bachaille freisin i mBaile an Lígh, agus ba é buaiteoir Bhaile an Bheileogaigh an t-imreoir baile, Jim Branagan agus bhain Mark Ray ó Choimín na Roinne tairbhe as imirt sa bhaile freisin.

Bunaíodh Craobhchomórtas Galf Dhá Mhaide Fhine Gall & Oirthear na Mí in 2015 chun Galf Dhá Mhaide a fhorbairt i bhFine Gall.

“Tá sé á reáchtáil gach bliain i bhFine Gall anois, agus dúirt Caitríona Geraghty, Oifigeach Forbartha Spóirt Fhine Gall, go bhfuil ardmholadh tuillte ag an obair mhór a rinne Ronnie Delaney, fear nach raibh Paindéim Dhomhanda fiú chun stop a chur leis an comórtas seo a reáchtáil”.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait is féidir teagmháil a dhéanamh le Caitríona Geraghty, Oifigeach Forbartha Spóirt, Oifig Spóirt Fhine Gall

[email protected]

Caitriona Geraghty Mayor and Ronnie Delaney
Pitch n Putt 2021
Pitch n Putt 2021
Pitch n Putt 2021