Ba mhaith le Fine Gall cabhrú le déagóirí tabhairt faoin rothaíocht an athuair tríd an Tionscadal Second Spin

Le deich mbliana anuas, tá fás tagtha ar an rothaíocht in Éirinn a bhuí le hinfheistíocht i mbonneagar siúil agus rothaíochta. Is bacainn thromchúiseach fós í gadaíocht rothar, áfach, go háirithe do dhéagóirí nach acmhainn dóibh rothar athsholáthair a cheannach go héasca. Chun aghaidh a thabhairt air sin, sheol Comhairle Contae Fhine Gall “Second Spin”, treoirthionscnamh atá á reáchtáil i gcomhar leis an Ionad Athfhionnachtana i mBaile Munna.
Sheol Aonad Taistil Ghníomhaigh na Comhairle an scéim chun cabhrú le rothair uaschúrsáilte saor in aisce a sholáthar do dhéagóirí ar goideadh a rothair, rud lena spreagtar iad chun leanúint ar aghaidh ag rothaíocht, agus an geilleagar ciorclach á chur chun cinn ag an am céanna. Déantar athchóiriú ar rothair bhronnta nó thréigthe, agus is féidir le rannpháirtithe na rothair a athbhronnadh tráth níos déanaí má bhíonn siad in ann rothar nua a cheannach.
Trí dhul i gcomhpháirt leis an Ionad Athfhionnachtana, tá súil ag an gComhairle go n-athbhunóidh an cur chuige uathúil seo neamhspleáchas déagóirí tar éis ghoid a rothair, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos fusa dóibh leanúint ar aghaidh ag rothaíocht mar phríomhbhealach taistil dóibh, in ionad a bheith ag brath ar shíoba a fháil ó thuismitheoirí nó ar an mbus a thógáil.
Chuir an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, fáilte roimh an tionscnamh. Dúirt sé: “Tacaíonn an tionscadal uathúil seo le daoine óga ar chuir gadaíocht rothar as dóibh dul ar a rothar an athuair, rud a chabhraíonn leo a saoirse a fháil ar ais agus a spreagann todhchaí níos glaise agus níos inbhuanaithe freisin.”
Tá níos mó i gceist leis an rothaíocht ná modh taistil – cabhraíonn sí le daoine óga fanacht aclaí, tacaíonn sí le fás sláintiúil, cruthaíonn sí nósanna gníomhacha marthanacha, agus is féidir léi cabhrú leo strus a bhainistiú i saol gnóthach.
Dúirt David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí um Chomhshaol, Ghníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt: “Ní hé amháin gur míchaoithiúlacht do dhéagóirí í gadaíocht rothar ach is féidir léi freisin a neamhspleáchas a bhaint de dhéagóirí agus bac a chur orthu nósanna fadtéarmacha taistil inbhuanaithe a thógáil. Le Second Spin, ba mhaith linn a chinntiú nach ndéanfaidh aon eispéireas diúltach amháin daoine óga a chur ó rothaíocht a dhéanamh.”
Mar chuid den tionscadal, baileofar sonraí freisin faoi na háiteanna is coitianta ina dtarlaíonn gadaíocht rothar, rud lena dtabharfar léargais luachmhara ar phatrúin agus ar theophointí ar fud Fhine Gall. Is féidir an fhaisnéis sin a úsáid chun a shainaithint cé na limistéir ina bhféadfaí an ghadaíocht a laghdú dá gcuirfí feabhas ar shaoráidí páirceála rothar. Chomh maith leis sin, cuirfear ar chumas na Comhairle léi comhoibriú le scoileanna, le grúpaí pobail agus leis na Gardaí chun feasacht a mhúscailt ar shlándáil rothar.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Trí rothair a athnuachan tríd an ngeilleagar ciorclach, ní hé amháin go bhfuilimid ag tacú le taisteal gníomhach ach táimid ag laghdú dramhaíola agus ag cur gníomhú ar son na haeráide chun cinn freisin. Is é atá i gceist leis seo a saoirse a thabhairt ar ais do dhéagóirí agus todhchaí níos inbhuanaithe a thógáil do chách ag an am céanna.”
Tá sé éasca iarratas a dhéanamh ar an scéim. Más déagóir ar goideadh a rothar thú, líon isteach foirm iarratais ionas gur féidir leis an gComhairle cabhrú leat leanúint ar aghaidh ag rothaíocht: https://forms.office.com/e/iX3z0TgTB0
