Aon duine a fhaightear é Ciontach as an Dumpáil Neamhdhleathach, déanfar é a Ionchúiseamh, a deir Údaráis Áitiúla na hÉireann.

  • Méadú taifeadta ag na comhairlí cathrach agus contae ar an méid dumpála neamhdhleathaí atá ag tarlú ón tráth ar tugadh isteach na srianta a bhaineann le Covid-19.
  • Ciste €1 milliún curtha ar leataobh ag an RCGAC le haghaidh mbearta lena gcuirfear deireadh leis an ngníomhaíocht seo agus lena ngabhfar na daoine atá á déanamh

 

 

 Tháinig údaráis áitiúla na hÉireann, arna maoiniú ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Chomhshaoil (RCGAC), le chéile chun aird a tharraingt ar thuairiscí atá déanta go bhfuil méaduithe tagtha ar an méid dumpála neamhdhleathaí atá ag tarlú ón am ar tugadh isteach na srianta a bhaineann le Covid-19 breis is sé seachtaine ó shin anois, agus chun dul i ngleic leis an fhadhb sin.

 

Tá méadú taifeadta ag comhairlí cathrach agus contae, chomh hard le 40% i gceantair áirithe, sa líon glaonna ina ndearnadh tuairisc de láithreáin dumpála mídhleathacha le linn mhí an Mhárta 2020 i gcomparáid leis an tréimhse ama chéanna an bhliain seo caite. 

 

Tá sé tuairiscithe ag gearánaithe go bhfuiltear ag teacht ar a lán ionad dumpála ar na sráideanna agus ar chúlbhóithre, ar chnoic agus i bportaigh, ag láithreáin áiseanna poiblí agus in eastáit tithíochta príobháideacha ar fud na tíre.

 

Mar fhreagra air sin, tá ciste €1 milliún den leithdháileadh le haghaidh Tionscnamh Frithdhumpála Náisiúnta 2020 curtha ar leataobh ag RCGAC le haghaidh bearta chun deireadh a chur leis an ngníomhaíocht seo agus chun na daoine atá á ndéanamh a ghabhadh.

 

Dúirt trí cinn d'Údaráis Ceannasaithe Réigiúnacha Forfheidhmithe Dramhaíola na hÉireann (WERLAnna), atá ag treorú freagra na nÚdarás Áitiúil maidir le ghníomhaíochtaí dramhaíola mídhleathacha, go ngearrfar fíneáil orthu siúd a fhaightear iad a bheith ciontach as an dumpáil mhídhleathach, é sin nó déanfar iad a hionchúiseamh. 

 

Dúirt Brian White, Comhordaitheoir WERLA, Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre, “Tá monatóireacht leanúnach á déanamh ar staid na cúrsaí sna láithreáin agus táthar ag tabhairt faoi imscrúduithe ar bhealach cuimsitheach críochnúil ar eachtraí agus patrúin shonracha a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhídhleathach. Gearrfar fíneálacha mar thoradh ar imscrúduithe, é sin nó féadfar duit a ionchúiseamh chomh maith. 

 

Dúirt an tUasal White, “Tá seirbhísí dramhaíola tí ag feidhmiú mar is gnách. Táimid ag iarraidh ar shealbhóirí tí bailitheoir dramhaíola údaraithe nó an tsaoráid chathartha sa cheantar a úsáid chun dramhaíl tí a dhiúscairt. " Dúirt sé freisin go meastar gur ionann an dumpáil neamhdhleathach agus dramhaíl, lena n-áirítear ábhair in-athchúrsáilte, a fhágáil ar thaobh na sráide, in aice le háiseanna bailithe dramhaíola.

            

“Caithfimid ár dtimpeallacht a chosaint agus ár ndramhaíl a bhainistiú ar bhealach atá freagrach ag an tráth seo níos mó ná aon uair riamh go dtí seo. 

Is féidir leis an dumpáil neamhdleathach an ceantar áitiúil a scriosadh agus gearrfar fíneálacha nó déanfar an duine ciontach a ionchúiseamh dá bharr,” a dúirt sé.

 

Gearrfar fíneáil uasta €5,000 ort má fhaightear tú a bheith freagrach as an diúscairt dramhaíola neamhúdaraithe, nó a bheith bainteach leis, i gciontú achomair agus/nó téarma príosúnachta 12 mhí ar a mhéad, agus más ar díotáil a dhéantar tú a chiontú gearrfar fíneáil uasta €15 milliún ort agus/nó téarma príosúnachta 10 mbliana ar a mhéad.

 

Chun teacht ar níos mó faisnéise faoi conas do dhramhaíl a bhainistiú, téigh chuig mywaste.ie

 

Críoch.

 Le haghaidh fiosrúcháin ó na meáin, nó chun agallamh a shocrú, déan teagmháil le: Claire Gallagher, Galocon Media. 087 6749195.

 

Íomhá (Repo Free)

Fotheideal: Tá méadú tagtha ar líon na nglaonna atáthar ag cur ar na hÚdaráis Áitiúla chun an dumpáil neamhdhleathach a thuairisciú ón tráth ar tugadh isteach Srianta Covid-19.

 

Nóta don Eagarthóir:

Tá freagracht ar na WERLAnna (Údaráis Ceannasaithe Réigiúnacha Forfheidhmithe Dramhaíola na hÉireann) as gníomhaíochtaí forfheidhmithe dramhaíola a chomhordú laistigh de na réigiúin ar leith, as tosaíochtaí agus comhchuspóirí a leagan síos maidir leis an bhforfheidhmiú dramhaíola, as forfheidhmiú comhsheasmhach na reachtaíochta dramhaíola a chinntiú ar fud na dtrí réigiún pleanála um an mbainistíocht dramhaíola atá ann agus leantar leis gurb iad na pearsanra údaráis áitiúla mar na céad fhreagróirí ar an láithreán maidir le tarluithe ar leith de sháruithe ar an reachtaíocht dramhaíola.

Déanfaidh na WERLAnna na cúraimí a dhéantar faoi láthair sa réimse forfheidhmithe dramhaíola a shruthlíniú tuilleadh.

MyWaste-Waste-Services