Amhráin a Chomhroinnt, Guthanna Dodhearmadta – Tionscnamh Oileáin Chomhroinnte de chuid Fhine Gall Ildánach

Sharing Songs, Unforgettable Voices – A Creative Fingal Shared Island Initiative

Beidh ceolchoirm an-speisialta ar siúl ag 7.00pm Dé Sathairn, an 21 Feabhra, ag Halla Mór Stormont, ar halla íocónach é. Is é an t-imeacht Amhráin a Chomhroinnt, Guthanna Dodhearmadta an toradh deiridh ar chomhthionscadal trasteorann dhá bhliain ina dtugtar le chéile dhá chór pobail atá cuimsitheach do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu agus 150 rannpháirtí ó Latharna, Co. Aontroma, agus ó Bhaile Dúill, Co. Bhaile Átha Cliath.

Agus é fréamhaithe i ngrá comhroinnte don amhránaíocht ar fud na coda Thuaidh agus na coda Theas d’oileán na hÉireann, tugtar le chéile sa tionscadal seo The Forget Me Nots Choir ó Bhaile Dúill agus This Is Me Community Choir ó Latharna mar chuid de chlár uaillmhianach ina saothraítear malartú ceoil, comhoibriú cruthaitheach agus ceangal sóisialta. Fuair an tionscnamh Oileáin Chomhroinnte seo tacaíocht agus cistiú ó Éire Ildánach agus ó Chomhairle Contae Fhine Gall.

Cuireadh ceist shimplí ach ceist chumhachtach i dtús na comhpháirtíochta seo: an bhféadfadh eagraíochtaí a oibríonn le daoine a bhfuil néaltrú orthu agus ar son daoine a bhfuil néaltrú orthu comhoibriú trasna teorainneacha? I gcás Community Arts Partnership agus The Forget Me Nots Organisation, dhá eagraíocht a bhfuil tiomantas seanbhunaithe acu do shármhaitheas ealaíne agus do chleachtas cuimsitheach, ba léir roimh i bhfad go bhféadfadh siad déanamh amhlaidh. Le linn an tionscadail, d’fhás caidrimh trí chleachtaí comhroinnte, trí chumadh comhchoiteann amhrán, trí fhilíocht, trí scéalaíocht, trí thaisteal agus trí thaibhléiriú. Cuireadh malartuithe ar siúl in Ionad Pobail Bhaile Dúill, i Halla Baile Latharna, i bPictiúrlann Pobail an Chaisleáin Nua i gCo. an Dúin, agus i gCairlinn, Co. Lú. Cuireadh seisiúin léirthuisceana ceoil “Friday Silver Linings” ar siúl ar líne freisin, le tacaíocht ó Fhine Gall Ildánach. Agus é ina chomhthionscadal ar dtús, d’fhás sé de réir a chéile ina phobal — a chuimsíonn seanóirí, daoine a bhfuil néaltrú orthu, cúramóirí, baill teaghlaigh, agus oibrithe deonacha.

rehearsal creative Ireland

Cé go bhfuil castacht ag baint le hobair trasna dlínsí, cinntíodh rath an tionscadail a bhuí leis an díriú soiléir a leagadh ar an gcuspóir comhroinnte atá leis. Is ceiliúradh agus léiriú araon í an Cheolchoirm Mhór i Halla Mór Stormont: is dearbhú í nár cheart rochtain ar an saol cultúrtha a theorannú in am ar bith de dheasca chumas, shuíomh ná imthosca an duine.

Trí amhránaíocht, trí gháire agus trí mhalartú cruthaitheach, ní hé amháin gur ghnóthaigh na rannpháirtithe stór ceoil nua, ach ghnóthaigh siad muinín, cairdeas agus muintearas athnuaite freisin. Ag an gceolchoirm seo, tabharfar ómós do ghuthanna agus spiorad gach baill den chór a mhúnlaigh an t-aistear seo — agus tabharfar dóchas simplí chun cinn: leanúint ag canadh, leanúint ag ceangal, agus an t-áthas a choinneáil ar bun go ceann i bhfad tar éis shaolré an tionscadail

sharing songs 2

Dúirt Lilian Whelan, Comhordaitheoir Éire Ildánach do Chomhairle Contae Fhine Gall, “Tá lúcháir orainn tacú leis an tionscadal an-spreagúil an-tábhachtach seo. Tá tionscadail cosúil leis an gceann seo mar fhianaise ar a thábhachtaí atá an chruthaitheacht d’fholláine an phobail. A bhuí leis an gcomhoibriú trasteorann atá i gceist leis, is tionscadal fíorchomhoibríoch é an tionscadal seo.”

Dúirt Órla Horn, Comhbhunaitheoir agus Cathaoirleach The Forget Me Nots Organisation, “Tá na heagraíochtaí atá páirteach sa chomhthionscadal seo ag forbairt cláir ealaíne do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, agus i gcomhar le daoine a bhfuil néaltrú orthu, le blianta fada anuas. Mar sin, ní hé amháin gur chéim nádúrtha chun cinn é an comhthionscadal uile-oileáin seo, ach tá ag éirí go geal leis ó thús freisin.

Carthanas cláraithe in Éirinn (Uimh. 20144661) is ea The Forget Me Nots Organisation, a reáchtálann cór pobail cuimsitheach do dhaoine scothaosta, do bhaill teaghlaigh, do chairde agus do chomharsana, agus a chuireann fáilte ar leith roimh dhaoine atá thíos le néaltrú agus le cailleadh cuimhne. Tagann na rannpháirtithe ón gcomharsanacht, ó ionaid Cúraim Lae áitiúla de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ó Chlubanna Sóisialta Chumann Alzheimer sa réigiún, ó thithe altranais cónaithe áitiúla, agus ó mhórphobal Bhaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh.

Carthanas cláraithe sa Ríocht Aontaithe (NIC105169) is ea Community Arts Partnership. Is é an misean atá aige cur chun cinn, forbairt agus soláthar an chleachtais ealaíon pobail a threorú, ar mhaithe le hathrú dearfach a dhéanamh i dTuaisceart Éireann. Is é an fhís atá aige sochaí atá cóir, cuimsitheach, síochánta agus cruthaitheach a bhaint amach, áit a gcuirtear fáilte roimh éagsúlacht agus a dtugtar meas ar rannpháirtíocht.

Cór pobail uile-chumais atá feiliúnach do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu is ea an cór ‘This Is Me’ i Latharna, atá lonnaithe ag The Music Yard. Is í an Bardasach Gerardine Mulvenna a bhunaigh an cór sa bhliain 2018. Reáchtálann an cór seisiúin cheoil gach seachtain chun feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, ar fholláine mhothúchánach agus ar cheangal sóisialta do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, dá gcúramóirí agus dá dteaghlach.