Áitíonn an Chomhairle ar dhaoine a bheith páirteach i dtionscadal Sord Inbhuanaithe

D’áitigh Comhairle Contae Fhine Gall ar chónaitheoirí áitiúla agus ar pháirtithe leasmhara a bheith páirteach i dtionscadal cruthú áite Sord Inbhuanaithe atá dírithe ar athghiniúint agus forbairt dhlúth, inbhuanaithe an bhaile.

Sustainable Swords Public Survey

Is é uaillmhian Sord Inbhuanaithe cur chuige ilghnéitheach a sholáthar i leith forbairt agus spásanna nua a phleanáil, a dhearadh agus a bhainistiú, chomh maith le sócmhainní atá ann cheana a chosaint agus a fheabhsú d’fhonn áiteanna ar chaighdeán níos fearr a bhaint amach mar shuíomh fisiceach na beatha i Sord.

Tá KPMG Future Analytics agus Turner & Townsend ceaptha ag Fine Gall chun oibriú leis An Roinn Pleanála & Bonneagair Straitéisí chun an Straitéis seo a fhorbairt.

Osclaíodh dhá shuirbhé anois mar chuid den phróiseas comhairliúcháin agus moltar do chónaitheoirí áitiúla, do ghnóanna agus do pháirtithe leasmhara a bheith páirteach ann. Is féidir tuilleadh sonraí faoin tionscadal agus na suirbhéanna a fháil ag www.fingal.ie/sustainableswords nó consult.fingal.ie.

Is í an aidhm atá ag Sord Inbhuanaithe raon comhordaithe de thionscadail ‘ar na bacáin’ a shainaithint ar féidir maoiniú a lorg dóibh sa todhchaí.

Is iad na príomhchuspóirí ná:

  • Féiniúlacht lár an bhaile a fheabhsú trí: Ionad Cathartha agus Ionad Cultúrtha Shoird a fhorbairt; cur i bhfeidhm leanúnach an phlean caomhnaithe do Chaisleán Shoird; agus fearann poiblí  feabhsaithe inrochtana do leanaí a sholáthar lena n-áirítear nóid phoiblí nua in Ionad Baile Shoird.
  • Éascú a dhéanamh ar chruthú siúlbhealaigh nua sráide/do choisithe os comhair siúlóid na habhann siar ón bPríomhshráid ag oscailt suas na ‘talaimh chúil’ seo agus tacú le forbairt inlíonta comhordaithe ar phríomhshuíomhanna straitéiseacha feadh na Príomhshráide agus na Sráide Thuaidh.
  • Spásanna áineasa agus taitneamhachta lárnacha a chur chun cinn, ag úsáid ach go háirithe Páirc Ghleann Abhainn an Bharda, Ceathrú Cultúrtha Shoird lena n-áirítear Páirc an Bhaile, Siúlóid Abhainn an Bharda siar ó cheantar na Príomhshráide.
  • Scrúdaigh an poitéinseal atá ann Ceantar Feabhsúcháin Ghnó Shoird (BID) a bhunú.
  • Leathnaigh ar na moltaí sa chuid Shoird de Staidéar Iompair Fhine Gall Theas agus straitéis iompair ilmhódach a fhorbairt do Shord arna threorú ag taighde agus anailís domhain.
  • Tacú le bearta comhtháthaithe pobail lena n-áirítear, mar shampla, cur chuige comhoibritheach ‘cad a oibríonn’ a bhunú chun comharsanachtaí níos sábháilte a chur chun cinn agus iompar frithshóisialta a laghdú le cur ar chumas gach duine cur le mothú folláine laistigh de chaighdeán beatha feabhsaithe.  
  • Bearta chun athghiniúint tailte laistigh den cheantar staidéir a chumasú chun athnuachan lár an bhaile a chinntiú agus chun gníomhachtú talún a chumasú le haghaidh forbairt dhlúth.
  • Pacáiste beart agus tionscadal tosaíochta, pleanáilte agus a mbeidh tionchar acu a bhunú. 
Sustainable Swords Business Survey

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Díreoidh Sord Inbhuanaithe go sonrach ar chruthú áite i lár an bhaile agus tá sé beartaithe go ndéanfar an t-aistriú stairiúil ón bPríomhshráid a thosaigh go luath sna 2000í  a aisiompú chun cruthú áite a dhéanamh níos fearr agus lár an baile níos athléimní a éascú. Éascóidh an tionscadal Sord Inbhuanaithe fearann poiblí inrochtana, fáilteach a nascfaidh le comhthéacs nádúrtha agus stairiúil Páirc Ghleann Abhainn an Bharda agus Caisleán Shoird, a fheabhsóidh tréscaoilteacht agus a fheabhsóidh na deiseanna le haghaidh nuálaíochta  áitiúla agus forbairt eacnamaíoch.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá sé ríthábhachtach go n-oibreoidh an tionscadal seo ar bhealach comhoibritheach leo siúd a chónaíonn agus a oibríonn nó a bhfuil spéis acu i Sord chun a gcuid riachtanas agus mianta a fháil amach agus conas is féidir aghaidh a thabhairt orthu trí straitéis Sord Inbhuanaithe. I ndeireadh na dála tá sé faoi áiteanna maithe a chruthú a chuireann sláinte, sonas, agus folláine daoine chun cinn.”

Ar deireadh thiar, beidh rath an tionscadail ag brath ar pháirtithe leasmhara chun an spás atá ann agus na rannchuideoirí le caighdeán na beatha sa phobal áitiúil a thuiscint.

D’áitigh Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála & Bonneagair Straitéisigh, ar ghrúpaí leasmhara agus ar dhaoine aonair a dtuairimí a chur in iúl: “Ag dul ar aghaidh, beidh rannpháirtíocht an phobail mar phríomhbheart na rathúlachta agus dá bhrí sin tabharfar tús áite do chomhoibriú agus comhairliúchán poiblí agus cuirfear chun cinn iad le linn an phróisis ar fad. Chuige sin, beidh dhá shuirbhé ar fáil ar consult.fingal.ie ón 14 Bealtaine go dtí an 13 Meitheamh 2021. Tá siad seo dírithe ar bhaill den phobal agus ar úinéirí gnó faoi seach.

Tá obair tosaithe cheana féin chun dul i gcomhairle le leanaí scoile áitiúla. Tá Scoileanna Glasa an Taisce mar chuid d’fhoireann an tionscadail agus beidh siad ag dul i gcomhairle le breis agus 7,500 daltaí bunscoile agus meánscoile, ag tabhairt faoi iniúchtaí ar insiúltacht agus ar inrothaitheacht, agus ag plé le tuismitheoirí agus le daltaí chun tuiscint a fháil ar na mianta atá ag leanaí Shoird dá dtodhchaí.

Foilseofar straitéis Sord Inbhuanaithe, a chuimseoidh mionsonraí ar raon tionscadal claochlaitheach, go luath i 2022.