Ainmnítear Deich dTionscnamh Fhine Gall do Ghradaim CCÚÁ 2020

Rinneadh deich dtionscnamh i bhFine Gall a ainmniú in ocht gcatagóir do Ghradaim Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚA), a bheidh ar siúl ar 15 Feabhra 2020 i bPáirc an Chróicaigh.

LAMA Awards 2020 Logo

Baineann siad le réimse ábhar, lena n-áirítear an Tionscadal Is Fearr Oidhreachta, An Tionscnamh Is Fearr Rochtana agus Ionchuimsithe agus a thuilleadh nach iad. Is toradh iad na hainmniúcháin sin ar an obair a rinne Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le grúpaí pobail agus gnólachtaí i bhFine Gall, agus is léiriú iad chomh maith ar an infheistíocht a dhéantar i seirbhísí agus tionscadail oidhreachta sa chontae.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sna tionscnaimh sin, is iad sin grúpaí pobail, gnólachtaí áitiúla agus foireann Fhine Gall. Chaith siad am agus rinne siad obair ar na tionscadail seo, cosúil leis an bhFoirgneamh Casino i Mullach Íde a chaomhnú agus a athchóiriú, an obair leanúnach ar ár dtrí pháirc phoiblí i Mullach Íde, Droichead Nua agus Baile an Tirialaigh, agus an tSeirbhís 'Carr an Phobail', an tSeirbhís Inbhuanaithe Aoisbháúil Iompair i bhFine Gall. Tá na hainmniúcháin sin tuillte mar gheall ar an tsárobair a rinneadh go dtí seo."

Cuireann IPB Insurance agus Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil na Gradaim Uile-Éireann Pobail agus Comhairle i láthair. Le 14 bliain anuas, d'aithin siad agus tugann siad onóir do na bealaí a n-oibríonn pobail agus comhairlí le chéile.

Bhí 158 iontráil san iomaíocht ar an iomlán. Rinne Comhairleoirí Údaráis Áitiúil ó cheann ceann oileán na hÉireann tionscadail a roghnú agus a ainmniú a chuireann le ceantair áitiúla ar mhaithe leis an bpobal.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: "Is léiriú ar an obair thiomnaithe a rinneadh ar son na dtionscnamh sin iad na hainmniúcháin sa líon mór catagóirí seo de Ghradaim CCÚÁ na bliana seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd a raibh páirt acu sna tionscadail sin, go háirithe baill foirne Fhine Gall agus grúpaí pobail Fhine Gall, as an obair a rinne siad. Thacaigh siad le roinnt de na tionscnaimh is fearr ar thug aon údarás áitiúil in Éirinn faoi le bliain anuas."

Seo a leanas liosta na n-ainmniúchán i bhFine Gall:

An Gnó Is Fearr ag Obair sa Phobal

•           Ionad Pobail Dhomhnach Bat Phort Reachrann

An Tionscadal Is Fearr Oidhreachta

•           An Foirgneamh Casino i Mullach Íde a chaomhnú agus a athchóiriú

An Tionscnamh Is Fearr Rochtana agus Ionchuimsithe

•           The Quiet Space - tionscnamh na Rannóige Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair agus Turasóireachta ag Blas Fhine Gall (Flavours of Fingal)

An Fhoireann/Club Spóirt Pobail Is Fearr

•           Ionad Pobail agus Fóillíochta Dhomhnach Bat Phort Reachrann

An Chomhairle leis na Naisc Is Fearr (Cumarsáid agus Margaíocht Dhigiteach)

•           Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall

An Tionscadal/Tionscnamh Is Fearr Comhshaoil/Éiceolaíoch

•           Teach Féileacán Trópaiceach – Mullach Íde

An Pháirc Phoiblí Is Fearr

•           Diméin Mhullach Íde

•           Páirc Phoiblí Dhiméin Dhroichead Nua

•           Páirc Bhaile an Tirialaigh, Mhullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15

An Tionscnamh Is Fearr Pobalbhunaithe

•           An tSeirbhís 'Carr an Phobail', Seirbhís Inbhuanaithe Aoisbháúil Iompair i bhFine Gall