Ainmnítear Baile Bhrígín mar an chéad Cheantar Cliste

Our Balbriggan Joyal James

Is é Baile Bhrigín an chéad bhaile in Éirinn a roghnaíodh le bheith ina Cheantar Cliste, rud a chinnteoidh go mbeidh sé mar cheannródaí i gcúrsaí tionscadal cliste, chun feabhas a chur ar sheirbhísí, poist a chruthú agus pobal níos fearr a thógáil.

Is éard atá i gCeantair Chliste, faoin glcár Baile Átha Cliath Cliste, ná suíomhanna tíreolaíocha a roghnaítear go straitéiseach chun tionscadail chliste dhírithe, a chur i bhfeidhm.

Is é an príomhfhócas a bheidh ag Ceantar Cliste Bhaile Bhrigín ná cur le saol an phobail, tacú le deiseanna eacnamaíocha agus an nuálaíocht a spreagadh trí roinnt tionscadal ceantair chliste.

Sna ceantair eile atá i mBaile Átha Cliath Cliste - Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an Ceantar Dugaí agus Áth an Ghainimh – táthar tar éis méadú a fheiceáil maidir le hioncam ó dheontais, infheistíocht tráchtála agus tacaíocht le haghaidh tionscadal mar thoradh ar a rannpháirtíocht sa chlár seo.

Tacóidh an tionscamh freisin leis an bPlean Athnuachana dár mBaile Bhrigín a sheachadadh, plean a forbraíodh anuraidh tar éis do 4,000 duine páirt a ghlacadh i gomhairliúchan poiblí ar thodchaí an bhaile.

“Thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall, fáiltím roimh an tionscamh seo. Tá pobal óg éagsúil ag Baile Bhrigín agus bainfidh siad tairbhe shuntasach as an gCeantar Cliste atá molta,” a dúirt Méara O’Brien.

“Rachaidh Baile Bhrigín Cliste i ngleic le dúshláin áitiúla ag baint úsáide as teicneolaíocht chliste. Spreagfaidh sé an fás eacnamaíoch  agus tacóidh sé le poist a chruthú trí dhíriú ar an gcruthaitheacht agus ar an teicneolaíocht dhúchasach.”

Mar bhonn agus mar thaca ag Tionscadail Chliste Bhaile Bhrigín tá wi-fi poiblí saor in aisce Ár mBaile Bhrigín, agus áireofar i measc na dtionscadal a cruthófar, mol nuálaíochta agus maker space.

“Is í príomhtheachtaireacht Cheantair Chliste Bhaile Bhrigín ná go bhfuil an baile oscailte don ghnó agus don infheistíocht,” a dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Fiontraíochta Eacnamaíoch agus Turasóireachta.

Beidh seimineár gréasáin poiblí ann ag 10am ar an Déardaoin, 25 Meitheamh chun tús a chur le Baile Bhrigín Cliste, áit is féidir leis an bpobal níos mó a fhoghlaim faoin gcoincheap agus páirt a ghlacadh ann.

“Tabharfar tús áiste do dhaoine sna tionscadail chilste de chuid Bhaile Bhrigín – idir chónaitheoirí agus chuairteoirí – agus cuirfear feabhas ar an gcaighdeán saoil do phobail áitiúla,” a dúirt Aishling Hyland, Bainisteoir na Straitéise Digití,  Comhairle Contae Fhine Gall.

“Creidimid má chuirimid Baile Bhrigín ar aghaidh mar cheantar cliste, cuirfear le branda an bhaile agus leis an bhféiniúlacht áitiúil mar áit cheannródaíoch agus fhuinniúil chun bheith ag cónaí, ag obair agus ag tabhairt cuairte,” a dúirt sí.

“I gcroílár na dtionscadal cliste go léir, tá an coincheap de shonraí oscailte ann, is é sin le rá go bhfoilsítear sonraí neamhphearsanta a ghineann comhlachtaí poiblí le húsáid ag taighdeoirí, gnólachtaí agus saoránaigh.

“Is ceannasaí náisiúnta í Comhairle Contae Fhine Gall i gcúrsaí sonraí oscailte agus cuirfimid ar fáil é chun an geilleagar áitiúil a spreagadh trí tháirgí agus trí sheirbhísí nua a fhorbairt.

“Is baile comaitéara é Baile Bhrigín, mar sin beidh sé ina thosaíocht do Cheantar Cliste Bhaile Bhrigín tacú le spás d’obair chomhionaid a fhorbairt le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta.

“Cuirfidh Mol Ár mBaile Bhrigín spás cliste solúbtha ar fáil do ghrúpaí pobail agus cuirfidh an Maker Space ar chumas an phobail bheith cruthaitheach agus imeachtaí a rith.

“Rachaidh an tionscamh i ngleic freisin le cúrsaí soghluaisteachta agus rochtana trí thionscaimh carr agus rothar a roinnt, trí líonra de throscán sráide cliste agus múnla fíorúil tríthoiseach den bhaile.

“Beidh an teicneolaíocht Baile Cliste is úire ar taispeáint ag Saotharlann IoT ag baint úsáide as ardáin sonraí oscailte, intleacht shaorga, réaltacht bhreisithe, m-fhoghlaim agus Idirlíon na nEarraí .

“Dúshlán eile ná an rochtain, agus déanfar aip a fhorbairt chun cabhrú le húsáideoirí cathaoireacha rothaí agus pram a mbealach a dhéanamh thar constaicí ar an gcosán.

“San oideachas, oibreoidh Ceantar Cliste Bhaile Bhrigín go dlúth le Leabharlanna Fhine Gall, mar aon le tionscnaimh cosúil le Maker Bhaile Átha Cliath, agus Coder DoJo, chun feabhas a chur ar an litearthacht dhigiteach.

“Cuirfidh an plean deiseanna ar fáil don tionscal aitiúil agus do scoláirí teicneolaíochtaí IoT a thriail agus a thástáil chun cultúr taighde a chothú laistigh de Bhaile Bhrigín.

“Mar Shaotharlann Beo, beidh an baile ina ionad taighde agus forbairt, agus léireofar go háitiúil dul chun cinn maidir leis an teicneolaíocht is úire.”

Chun páirt a ghlacadh sa seimineár gréasáin ar Cheantar Cliste Bhaile Bhrigín, cuir ríomhphost chuig [email protected]