Osclaíodh Bóthar Dáileacháin nua Dhomhnach Bat go hoifigiúil.

Osclaíodh Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat go hoifigiúil Dé hAoine, an 6 Márta 2020.

Ba é chéad tionscadal Chomhairle Contae Fhine Gall a críochnaíodh a tógadh faoi Chiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú (an CBÁSTG) de chuid Éire a Atógáil.

Gabhann Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat soir ó Bhóthar Hearse an R126 in iardheisceart shráidbhaile Dhomhnach, trasna líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste, sula ngabhann sé ó thuaidh agus athcheangal a dhéanamh leis an R126 ar Bhóthar Phort Reachrann. 

Tógadh 4 chiliméadar de bhóthar nua ardchaighdeáin sa tionscadal a fhreastalóidh ar mhéideanna móra d’fhorbairt nua cónaithe timpeall Dhomhnach Bat agus tógadh an dara trasnú droichid thar phríomhlíne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste. Anuas ar an trácht ag sráidbhaile Dhomhnach Bat a laghdú, cuirfidh sé bealach rochtana eile ar fáil go dtí Port Reachrann agus áiteanna in oirthear Dhomhnach Bat. Cuirfidh sé feabhas, chomh maith, ar an Ospidéal Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí i bPort Reachrann, lena mbaineann tábhacht straitéiseach, nuair a bheidh an áis náisiúnta seo ag feidhmiú.

Tógadh cosáin agus áiseanna rothar easbhóthair feadh an stráice den bhóthar freisin. Tá pleananna ann, freisin, chun áiseanna tráchtála agus áineasa a fhorbairt, Mol Oideachais agus Áineasa Dhomhnach Bat, Glasbhealach an Mhóinéir Leathain agus Páirc Dhúlra an Chorrbhaile ina measc.

 

#Donabate #Portrane #Fingal #Ireland #Broadmeadow #Greenway #Corballis #nature #lihaf #roads #rebuildingireland