6 Réadmhaoin Oidhreachta dúnta go dtí an 29 Márta

Beidh sé Réadmhaoin Oidhreachta atá faoin úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall dúnta ó inniu, an 29 Márta, d’fhonn cloí le ceanglais an Rialtais chun scaipeadh an Choróinvíris (COVID-19) a chosc.

Baineann an cinneadh leis na foirgnimh oidhreachta. Beidh na saincheadúnais lónadóireachta i nDiméin Mhullach Íde, Diméin an Droichid Nua, Diméin Ard Giolláin agus Muilte na Sceirí, fós oscailte.

Beidh na páirceanna atá taobh leis na Réadmhaoine Oidhreachta seo fós oscailte don phobal, ach iarrtar ar an bpobal cloí le Treoirlínte FSS maidir le scaipeadh an Choróinvíris (COVID-19) a chosc.

Seo a leanas na sé Réadmhaoin Oidhreachta a bheidh dúnta ó thráthnóna inniu: Caisleán Ard Giolláin, Músaem Iarnród Mionsamhla an Chasaíne, Caisleán Mhullach Íde, Teach agus Feirm an Droichid Nua, Muilte na Sceirí agus Caisleán Shoird.

Beidh oifigí Thurasóireacht Fhine Gall i mBaile Brigín, Binn Éadair, Mullach Íde agus Sord dúnta go dtí an 29 Márta.

Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil nuair is féidir.

 

Malahide Castle Hero