200 feithicil bainte mar thoradh ar mhóroibríocht Feithiclí a bhfuil a Ré Caite ag Lána Dhún Sinche inné

Inné, i bhFionnghlas, thug Comhairle Contae Fhine Gall faoi mhóroibríocht Feithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) ag Lána Dhún Sinche, móroibríocht a raibh 80 pearsanra páirteach inti.

Dunsink ELV operation pic 2 16.07.2020

Le tacaíocht ó chonraitheoirí, oibritheoirí tarrthála agus measúnóirí feithiclí, baineadh 200 Feithicil a bhfuil a Ré Caite ón suíomh agus tugadh chomh fada le saoráidí cóireála údaraite (SCÚanna) iad chun iad a athchúrsáil agus a dhiúscairt.

Baineadh tairbhe as cur chuige ilghníomhaireachta i rith na hoibríochta agus bhí An Garda Síochána, Custaim, an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus an Príomhúdarás Réigiúnach Forfheidhmiúcháin Dramhaíola (WERLA) ag obair lena chéile. Úsáidfear meascán de mhonatóireacht CCTV, cigireachtaí forfheidhmiúcháin dramhaíola agus faireachas á dhéanamh ag an nGarda Síochána chun tuilleadh gníomhaíochta mídhleathaí FRC ag Lána Dhún Sinche a chosc. Mar chuid den oibríocht baineadh 140 tona de dhramhaíl dumpáilte go mídhleathach freisin.

Táthar ag leanúint le cigireachtaí agus má aimsítear dóthain fianaise eiseofar fíneálacha agus tionscnófar ionchúisimh faoi Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 agus Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997, arna leasú.  Maidir leis an 200 carr briste a aimsíodh a bhí dumpáilte go mídhleathach, eiseofar fíneálacha chuig na húinéirí cláraithe.

Is saoráidí ceadaithe iad SCÚanna atá údaraithe chun feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil agus a athshlánú (ar a dtugtar carranna briste agus veaineanna beaga de ghnáth). Tá an t-infreastruchtúr cuí acu chun FRCanna a stóráil, a chóireáil agus a athshlánú. Is bealach é feithicil a dhiúscairt ag SCÚ lena chinntiú go mbeidh an fheithicil á baint óna chéile ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus go bhfuil an t-ábhar guaiseach ar fad á bhaint as, sula ndéantar an fheithicil a leacú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Oibríocht riachtanach ba ea é seo lena chinntiú go bhfuil Feithiclí a bhfuil a Ré Caite á mbaint óna chéile ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Bhí cineálacha éagsúla dramh-ola agus sreabháin eile in a lán de na feithiclí seo a bhfuil a ré caite, a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcomhshaol mura ndéantar iad a dhíthruailliú agus a dhiúscairt i gceart. Caithfimid dul i ngleic leis an ngéarchéim chomhshaoil atá amach romhainn ar bhealaí éagsúla, agus ní mór dúinn ar fad a chinntiú go bhfuil an díobháil atá á déanamh ag an dramhaíl a úsáidimid agus a chruthaímid á laghdú.” 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ethna Felten, Stiúrthóir Comhshaoil agus Athrú Aeráide Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá aird tarraingthe ar shuíomhanna neamhúdaraithe Feithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) mar Thosaíocht Náisiúnta Forfheidhmiúcháin Dramhaíola d’údaráis áitiúla ar fud na tíre. Cruthaíonn stóráil agus baint ó chéile neamhúdaraithe FRCanna riosca suntasach don chomhshaol. Tá sé beartaithe ag an Rannán Forfheidhmiúcháin Dramhaíola gach suíomh neamhúdaraithe atá ag feidhmiú gan cead pleanála agus/nó ceadúnas saoráide dramhaíola a rialú/a dhúnadh i rith 2020.”

Is ar an úinéir cláraithe atá an fhreagracht dhlíthiúil feithicil a bhfuil a ré caite a thabhairt chomh fada le saoráid chóireála údaraithe (SCÚ) a bheidh in ann an fheithicil a dhiúscairt agus teastas maidir le scriosadh feithicle a thabhairt don úinéir. Cinntíonn teastas maidir le scriosadh feithicle nach féidir aon idirbheart eile, cosúil le hathrú úinéireachta, a phróiseáil i ndáil leis an bhfeithicil. D’fhéadfadh go mbeadh fíneáil €100 le híoc mura ndéantar é sin.

Tá aird tarraingthe ar shuíomhanna neamhúdaraithe Feithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) mar Thosaíocht Náisiúnta Forfheidhmiúcháin Dramhaíola d’údaráis áitiúla le haghaidh 2020. Cruthaíonn stóráil agus baint ó chéile neamhúdaraithe FRCanna riosca suntasach don chomhshaol. Tá go leor ábhar guaiseach le fáil in FRCanna cosúil le cadhnraí aigéid luaidhe, sreabháin lena n-áirítear ola bhealaithe, fuarthán, leacht coscán, agus tiontairí catalaíocha, nach mór iad a dhiúscairt go sábháilte chun truailliú a chosc.

Shainaithint Rannóg Forfheidhmiúcháin Dramhaíola Chomhairle Contae Fhine Gall roinnt suíomhanna FRC neamhúdaraithe trí úsáid a bhaint as monatóireacht CCTV, suirbhéanna dróin agus eolas áitiúil. Déanfar cigireacht ar na suíomhanna seo sna míonna amach romhainn trí úsáid a bhaint as cur chuige ilghníomhaireachta agus dúnfar iad má aimsítear go bhfuil siad ag feidhmiú gan cead pleanála agus ceadúnas saoráide dramhaíola.

Tá trí shaoráid chóireála údaraithe i bhFine Gall ar féidir leat do sheancharr a thabhairt chomh fada leo chun é a athchúrsáil saor in aisce:

1/ Gannon’s City Recovery & Recycling Services Ltd. Suíomh Gréasáin: www.gannonscityrecovery.ie

2/ Industrial, Agri & Engineering Salvage Ltd. (IAES). Suíomh Gréasáin: www.scrapmycar.ie

3/ St. Margaret’s Recycling and Transfer Centre Ltd. Suíomh Gréasáin: www.stmargaretsrecycling.ie

Tá tuilleadh eolais faoi Fheithiclí a bhfuil a Ré Caite le fáil ag ELVES: https://www.elves.ie/How-to-Recycle nó trí theagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Fhine Gall - An Rannóg Comhshaoil Teil: 01 8905000.