18 Feithicil Leictreach breise curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall leis an bhflít

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur cuireadh le líon na bhfeithiclí leictreacha atá aici ina flít. Infheistíocht de €340,000 atá i gceist agus ba é Méara Fhine Gall, an Clr Eoghan O’Brien, a sheol inniu iad ag Caisleán Ard Giolláin.

ELV Launch

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur cuireadh le líon na bhfeithiclí leictreacha atá aici ina flít. Infheistíocht de €340,000 atá i gceist agus ba é Méara Fhine Gall, an Clr Eoghan O’Brien, a sheol inniu iad ag Caisleán Ard Giolláin.

Is éard atá sna feithiclí breise ná 14 veain Lánleictreach Nissan eNV, 2 trucail dumpála Lánleictreach LDV 3.5 tonna, 1 lomaire Lánleictreach Meangreen Zeroturn agus 1 feithicil fóntais Lánleictreach Goupil G4. Léiríonn sé tionamtas an Chomhairle maidir le leictriúchán an flít.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil 15% d’fheithiclí tráchtála Chomhairle Contae Fhine Gall leictreach anois. Tá pointí luchtaithe leictrigh suiteáilte sna stáisiúin bhus agus i gcarrchlóis, agus tá pointí luchtaithe leictrigh nuálacha tugadh isteach ag an gComhairle ar shoilse sráide.

Ag labhairt dó, dúirt Méara Fhine Gall, an Clr Eoghan O’Brien: “Is sampla eile é seo de thiomantas an Chomhairle maidir leis an iompar inmharthana agus leis an ngíomhaíocht aeráide. Tá sé an-tábhachtach domsa go gcosnóimid an timpeallacht do na glúnta atá ag teacht, agus leis an aistriú seo go feithiclí leictreacha agus tionscnaimh eile san áireamh, tá an Chomhairle chun tosaigh maidir leis na hathruithe a dhéanamh atá riachtanach, agus ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla chun dul i ngleic leis an riachtanas seo.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is céim thábhachtach eile iad na feithiclí seo, san aistriú go dtí leictriúchán flít an Chomhairle. Tá tús áite tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall iompar inmharthana a sholáthar don Chontae, agus tá sé sin le feiceáil sa tionscnamh seo agus san infheistíocht atá déanta againn do rothaithe agus do choisithe, mar shampla Glasbhealach Bhaile Dúill go dtí Port Mearnóg.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir na nOibríochtaí: “Tá roinnt feithiclí leictreacha sa flít ag Comhairle Contae Fhine Gall cheana féin. Tá siad an-éifeachtach agus tá an-tóir ag an bhfoireann orthu. Anuas air sin, tá buntáistí eacnamaíocha ag baint leo agus tá siad inmharthana ó thaobh an chomhshaoil de. Is páirt iad de raon tionscnamh iompair, lena n-áirítear pointí luchtaithe leictrigh a sholáthar mar aon le háiseanna feabhsaithe do choisithe agus do rothaithe.” 

Electric Vehicle launch
Electric vehicles