150 bosca bruscair chliste ghrianchumhachtaithe inar féidir an bruscar a dhlúthú le lonnú ar fud Fhine Gall

150 new solar powered compactable smart bins to be installed across Fingal

Déanfar tuilleadh boscaí grianchumhachtaithe a lonnú timpeall sráideanna Shoird, Bhaile Brigín, Chaisleán Cnucha agus Mhullach Eadrad tar éis do Chomhairle Contae Fhine Gall a dheimhniú go raibh 150 de na boscaí bruscair cliste indlúite ordaithe acu ar mhaithe leis na bailte a choinneáil saor ó bhruscar agus astaíochtaí carbóin a ísliú.

Lonnófar an chéad ordú de 100 bosca bruscair faoi mhí Aibreáin, agus lonnófar 50 bosca bruscair eile faoi dheireadh an tsamhraidh. Beidh na boscaí bruscair lonnaithe i gceantair ina bhfuil líon mór daoine, ar nós bailte agus ceantair chósta. Sainaithneoidh Cigirí Ceantair suíomhanna nach leor na boscaí bruscair atá ann cheana féin do na méideanna dramhaíola atá á nginiúint.

Bronnadh an tairiscint ar Future Street Ltd, dáileoir eisiach na mboscaí Bigbelly i mbreis agus 15 thír Eorpacha, trí chomórtas tairisceana oscailte arna bhainistiú ag an gComhairle.

I measc phríomhghnéithe na mboscaí bruscair nua tá:

  • Dlúthóir inmheánach a mhéadaíonn an toilleadh bruscair faoi 6-8 n-uaire i gcomparáid le gnáth-bhosca bruscair shráide.
  • Braiteoirí inmheánacha a chuireann foireann na Comhairle ar an eolas nuair a éiríonn an bosca bruscair lán.
  • Troitheán le húsáid lámhsaor.
  • An cumas Wi-Fi poiblí saor in aisce a sheoladh.
  • Tá gach bosca bruscair 100% grianchumhachtaithe agus ní theastaíonn ach ocht n-uaire an chloig de sholas an lae uaidh le haghaidh riachtanais chumhachta míosa.

Chomh maith le buntáistí soiléire cosúil le cosáin agus sráideanna níos glaine, is féidir leis na boscaí bruscair líon na mbailiúchán de bhoscaí sráide a theastaíonn a laghdú go suntasach, rud a fhágann go mbeidh an bhainistíocht dramhaíola níos éifeachtúla, beidh na costais níos ísle agus cuideoidh sé le tairbhí comhshaoil a bhaint amach.

Dúirt Mary T Daly, Stiúrthóir Oibríochtaí agus Seirbhísí Uisce i gComhairle Contae Fhine Gall: "Mar gheall ar sheoladh na mboscaí nua grianchumhachtaithe seo ar fud Fhine Gall beidh toilleadh níos mó ar fáil sna boscaí sráide i gceantair ina bhfuil daonra mór ar fud an Chontae. Tá mála inmheánach a bhfuil rothaí air feistithe i ngach bosca bruscair freisin ionas nach gá iad a láimhsiú an méid sin agus d’fhéadfadh sé seo an baol gortaithe don fhoireann a laghdú dá bharr."

Dúirt Stiúrthóir Díolacháin Future Street, Derek Davis: "Is iontach an sásamh é údarás áitiúil nó gnó príobháideach a fheiceáil ag sábháil airgid agus ag laghdú Co2 a laghdú trí úsáid an bhosca bruscair Bigbelly. Táimid ag tnúth le bheith ag obair go dlúth i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall lena chinntiú go dtuigeann siad acmhainneacht agus tairbhí uile ár gCóras Dramhaíola Cliste iad féin."