Mark Garry

Mark Garry

Mark Garry

Sending Letters To The Sea

Is tionscadal comhoibríoch ceoil é 'Sending Letters To The Sea' leis an amharcealaíontóir agus ceoltóir Mark Garry. Is cuid de shraith coimisiún ealaíne poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall é an tionscadal uathúil sin, arna maoiniú ag Scéim Céatadáin d'Ealaín de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

In 2007, roghnaíodh roinnt ealaíontóirí chun páirt a ghlacadh ar Phainéal Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall. Tugadh cuireadh do na healaíontóirí roghnaithe freagairt a dhéanamh ar threoir, freagairt a léirigh, go fisiceach nó go teoiriciúil, gnéithe de shochaí, cultúr, oidhreacht agus tíreolaíocht Fhine Gall. Bhí sé mar aidhm ag an bpainéal ealaín phoiblí a leathnú agus an ról atá ag an údarás áitiúil mar choimisinéir cleachtas nua a neartú.

Nuair a roghnaíodh é don phainéal, rinne Mark iarracht meicníocht nua a aimsiú a bhainfeadh le comhthéacs áitiúil ach a bheadh an acmhainneacht aici lucht spéise éagsúil níos leithne a shroicheadh. Tá suim ag Mark i stádas na hÉireann mar thír a bhfuil cultúr na Críostaíochta aici agus i dtionchar níos leithne na Críostaíochta. Rinne Mark taighde ar na naisc idir ceol agus ceiliúradh reiligiúnach, ó thaobh dearcthaí teicniúla agus fealsúnacha de, agus ar conas a d'imir reiligiúin agus imeachtaí reiligiúnacha tionchar ar stair agus ar na foirmeacha ceoil a chloisimid sa lá atá inniu ann.

D'fhorbair an tionscadal agus rinneadh tionscadal comhoibríoch ceoil de. Thug Mark réimse ceoltóirí le chéil a oibríonn le réimse leathan teicnící ceoil chlasaicigh agus chomhaimseartha. Is é toradh an chomhoibrithe sin eisiúint vinile agus dlúthdhiosca a forbraíodh thar thréimhse dhá bhliain agus a taifeadadh i Studio East i mBeirlín agus Eaglais Cholumba, Sord, Fine Gall. Don tionscadal seo, thug Mark grúpa cumasach agus éagsúil ceoltóirí le chéile: ceoltóir agus cumadóir leictreonach/acústach Karl Burke (AKA Karl Him), an ceoltóir ban Éireannach Nina Hynes, cnagcheoltóir óg jazz Sean Carpio, ceoltóir córúil/leictreonach Eileen Caripio, an pianódóir Francach a bhfuil oiliúint chlasaiceach aige, Fabien Leseure, agus an seinnteoir veidhlín jazz, Benoit Leseure. Bhain na grúpaí sin leas as cumas na gceoltóirí Geaspar Warfield ar an dordveidhil agus John Egan ar an veidhlín agus vióla, agus cóir aireagail Fhine Gall. Seinnfear an taifead seo beo ag 8 p.m. ar 19 Samhain in Eaglais Naomh Columba, Sord.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil www.myspace.com/sendingletterstothesea