Maithiúnas Oíche Shamhna ag Ionaid Athchúrsála Fhine Gall

Halloween Recycling Amnesty 2025

Glacfar le hábhair indóite (leapacha, toilg, doirse adhmaid etc.) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fhine Gall ó chónaitheoirí Fhine Gall ar na laethanta seo a leanas Déardaoin an 23 Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine an 31 Deireadh Fómhair 2025

Cuirtear an lamháltas seo ar fáil mar iarracht chun an méid ábhair a laghdú a d’fhéadfaí a dhiúscairt i dtinte cnámh go háitiúil, a chruthaíonn baol sláinte agus sábháilteachta agus a dhéanann díobháil do spásanna oscailte poiblí.

Beidh ar chónaitheoirí ar mian leo go gcuirfear an tseirbhís seo ar fáil dóibh cruthúnas seolta i bhFine Gall a sholáthar.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gceadaítear veaineanna ná feithiclí tráchtála chun Ionaid Athchúrsála a iontráil gan é a bheith socraithe roimh ré. Ní cheadófar ach cuairt amháin in aghaidh na feithicle gach lá.

Beidh gnáth-tháillí fós i bhfeidhm ar mhíreanna neamh-indóite e.g. dramhaíl ghlas, dramhaíl C&D, miotail agus ábhair ghuaiseacha.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndéanfar an iontráil deiridh isteach sna hIonaid Athchúrsála idir na dátaí seo tráth nach déanaí ná uair an chloig roimh am dúnta mar gheall ar an méid mór feithiclí a bhfuil súil leo, i.e. 7pm i gCúil Mhín agus 7pm in Ionad Athchúrsála an Inbhir. Beidh an iontráil deiridh ag 5:00pm Dé Sathairn.

Maithiúnas Bliaintiúil na Samhna 2025 le haghaidh ábhar indóite ag ionaid athchúrsála - Uaireanta oscailte srl

https://www.fingal.ie/ga/ionaid-athchursala