Líonra Oideachais Pobail Fhine Gall

Fingal Community Education Network

Is grúpa idirghníomhaireachta é Líonra Oideachais Pobail Fhine Gall a sholáthraíonn tacaíocht agus comhordú le haghaidh cúrsaí áirithe do dhaoine fásta i gceantair ar fud Fine Gall. Sa ghrúpa tá ionadaithe ó Oideachas Pobail & Daoine Fásta i DDLETB, i gComhairle Contae Fhine Gall, in Empower agus i gComhlachas Tráchtála Bhaile Bhrigín. Tá Cúrsa Forbartha Pobail leibhéal 4 á reáchtáil faoi láthair ag an Líonra i mBaile Bhrigín a thosaigh in Eanáir 2020 ach a raibh air stopadh de bharr na géarchéime COVID. Thosaigh an cúrsa arís i nDeireadh Fómhair 2020 le bearta sriantacha i bhfeidhm agus tá ochtar ag glacadh páirte ann faoi láthair. Tá ról lárnach ag an gcúrsa maidir le ceannaireacht a fhorbairt i measc phobal Bhaile Bhrigín agus chun scileanna a sholáthar do bhaill áitiúla den phobal ionas go mbeidh ar a gcumas dul i mbun oibre forbartha pobail.