Labhraímis faoi Ealaín Phoiblí

Let’s Talk About Public Art

Labhraímis faoi Ealaín Phoiblí

Tá an fhoirm comhairliúcháin ar líne beo anois agus tugtar cuireadh do gach saoránach de chuid Fhine Gall aiseolas a thabhairt ar https://consult.fingal.ie/en/surveys beidh an fhaisnéis seo an luachmhar do thionscadail ealaíonta bríomhar a chruthú do do cheantar!
I mí na Bealtaine 2016 d’óstáil Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall sraith de sheisiúin Eolais ar fud an chontae ar na féidearthachtaí a bhaineann le healaín phoiblí agus iad ag ullmhú do chéim nua Coimisiúnaithe Ealaíne Poiblí 2016 - 2019.
Tá sé de chumas ag Ealaín Phoiblí bealaí nua a chruthú chun féachaint ar an áit ina bhfuil cónaí orainn, chun ár n-am atá thart, an lá atá inniu ann agus an todhchaí a cheiliúradh, tá sé de chumas aici fuinneamh a thabhairt dár mbailte agus ár bpobail a shlógadh trí dhealbhóireacht, amharcealaíona, drámaíocht, ceol, amharclann, léiriúchán, scannán, damhsa, litríocht agus níos mó.
Mar chuid den chéim seo chuireamar cineálacha éagsúla cur chuige i láthair maidir le healaín phoiblí i bhFine Gall, ar bhonn Náisiúnta agus Idirnáisiúnta agus táimid ag leanúint ar aghaidh ag lorg aiseolais ón bpobal.

Tá an-áthas orainn an Léiritheoir  Aisling Prior a bheith in éineacht linn le linn na céime coimisúnaithe seo. D'oibrigh Aisling i gcomhthéacsanna éagsúla coimisiúnaithe ardphróifíle, mar stiúrthóir ealaíonta de Ballymun Regeneration Ltd,., agus tá léiriúcháin mór déanta aici freisin do go leor eagraíochtaí stáit náisiúnta. Bhí Aisling in éineacht le Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall ag na seisiúin seo a reáchtáladh ar fud an chontae.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an bpróiseas déan teagmháil le

Caroline Cowley

Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí

R: [email protected]

T: 01 870 8449