Glasbhealach na Canálach Ríoga

Reáchtáladh rannpháirtíocht phoiblí neamhreachtúil do Ghlasbhealach na Canálach Ríoga ag tús 2019 agus é mar aidhm aird na gcónaitheoirí áitiúla agus na bpáirtithe leasmhara a tharraingt ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar agus chun eolas a bhailiú don dearadh, lena n-áirítear ó dhaoine a bhfuil mioneolas acu ar an gceantar, chun aird a tharraingt ar dheacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun eolas agus tacaíocht a chur ar fáil don phróiseas leanúnach cinnteoireachta a bhain leis an mBealach is Dealraithí a roghnú.

Fuair Comhairle Contae Fhine Gall breis is 600 aighneacht fhaisnéiseach agus chabhrach i rith na rannpháirtíochta poiblí.

Déanfar an Bealach is Dealraithí a roghnú sna míonna amach romhainn.

Cuirfidh an fhoireann dearaidh na haighneachtaí faighte san áireamh agus déanfar measúnú ar an mbealach is fearr chun na deacrachtaí éagsúla atá sonraithe a réiteach, agus áireofar sa phróiseas seo plé le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear úinéirí talún, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Uiscebhealaí Éireann agus Iarnród Éireann.

Nuair a bheidh an Bealach is Dealraithí roghnaithe, cuirfidh Comhairle Contae Fhine Gall ballchríoch le agus foilseoidh sí na doiciméid thacaíochta éagsúla, lena n-áirítear an Tuarascáil deiridh maidir leis na Roghanna Bealaí, agus é mar aidhm leanúint ar aghaidh agus iarratas pleanála a dhéanamh.

Nuair a bhíonn an Bealach deiridh is Dealraithí ar fáil, beidh sé indéanta an próiseas foirmiúil scagthástála timpeallachta a chríochnú. Más léir go mbeidh tionchair shuntasacha timpeallachta i gceist, ullmhófar Ráiteas Tionchair Timpeallachta iomlán le cur faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Más léir i ndiaidh na scagthástála a dhéanamh nach mbeidh na tionchair timpeallachta suntasach, leanfar ar aghaidh leis an tionscadal trí phróiseas Chuid 8.

De bhrí nach bhfuil leagan amach deiridh na scéime sainaitheanta ag an tráth seo, ní féidir a rá cén próiseas pleanála a bheidh ag teastáil, ach ar chuma ar bith, beidh an scéim ar taispeáint don phobal le haghaidh comhairliúcháin mar chuid de cheachtar próiseas ar bhonn reachtúil, agus beidh deis ann tuilleadh aighneachtaí a dhéanamh ag an tráth sin.