Glacadh ar láimh

Cuirtear an próiseas glacadh ar láimh ar bun le hiarratas ón bhforbróir go nglacfaí na bóithre agus na seirbhísí ar láimh.

Seolann an forbróir taifead amhail is dá mbeadh sé tógtha den fhorbairt chugainn agus suirbhé CCTV ar na draenacha agus ar na séaraigh. Seiceálaimid ansin an gcloíonn an fhorbairt leis na caighdeáin forbartha maidir le glacadh ar láimh.

Is féidir le saoránaigh iarratas a dhéanamh freisin go nglacfaí eastát ar láimh trí bhíthin pobalbhreithe (ballóid scríofa) de mhóramh na n-áitritheoirí in eastát.

Bíonn an Maoirseoir Páirceanna Sinsearach ag déileáil le glacadh ar láimh spáis oscailte. Déantar é sin trí ghníomhas tíolactha. Ní eiseoimid aon bhannaí d’fhorbróirí go dtí go mbeidh an dá phróiseas glacadh ar láimh seo chun sástachta an Innealtóra Shinsearaigh sa Rannán Cigireachta. 

Seicliosta maidir le glacadh ar láimh

Ní mór na míreanna seo a leanas a chur isteach / freastal orthu sular féidir eastát a ghlacadh ar láimh.

  1. Líníochtaí “amhail is dá mbeidís tógtha” den fhorbairt chomhlánaithe i bhformáid AutoCAD, agus na fóntais phoiblí go léir a ghlacfar ar láimh le feiceáil orthu. Tá caighdeáin líníochta Chomhairle Contae Fhine Gall faoi iamh.
  2. Taifead iomlán CCTV le déanaí de gach séarach salach d’uisce dromchla, seiceáilte agus deimhnithe ag duine inniúil. Cóip den suirbhé le cur isteach i bhformáid DVD.
  3. Deimhnithe comhlíonachta/deimhniú ó Ailtire, Innealtóir, Pleanálaí nó Suirbhéir Gairmiúil inniúil atá freagrach as an tógáil a dhearadh agus a mhaoirsiú, go ndearnadh an fhorbairt de réir an Cheada/na gCeadanna Pleanála ábhartha a deonaíodh.
  4. Ní mór duit an fhorbairt a fhabhtú lena chinntiú go gcuirtear na hoibreacha go léir i gcrích ina n-iomláine agus go sásúil de réir chaighdeáin Chomhairle Contae Fhine Gall.
  5. Deimhnithe comhlíonachta/deimhniú ó Ailtire, Innealtóir, Pleanálaí nó Suirbhéir Gairmiúil inniúil atá freagrach as an tógáil a dhearadh agus a mhaoirsiú, go ndearnadh an fhorbairt de réir cheanglais na nAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990-2009, na Rialachán ábhartha um Rialú Foirgníochta agus na Rialachán ábhartha um Fhoirgníocht go háirithe; deimhniú gur tógadh an fhorbairt de réir cheanglais an Deimhnithe ábhartha um Shábháilteacht ó Dhóiteán agus an Teastais ábhartha Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.
  6. Deimhniúchán ina ndeimhnítear gur íocadh aon ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhair pleanála.
  7. Cóip de chomhad sábháilteachta comhlánaithe agus sínithe.
  8. Lámhleabhair Oibriúcháin agus Cothabhála i gcomhair gléasra agus trealaimh.
  9. Sceideal de ghléasra agus trealamh ag sonrú a saolré ionchais.
  10. Barántais agus ráthaíochtaí agus an sochar aistrithe chuig an gComhairle.
  11. Deimhniú gur comhlíonadh ceanglais an Achta um Fhorbairtí Ilaonad.
     

Féadfar iarratas ar ghlacadh ar láimh a dhéanamh i scríbhinn, sa phost nó ar ríomhphost chuig an seoladh thíos

Déan teagmháil linn

Sa phost;

An tInnealtóir Sinsearach
An Rannóg Comhshaoil , Ghnó agus Forbartha Geilleagraí
Comhairle  Contae Fhine Gall

Halla an Chontae
An Phríomhshráid
Sord Co. Bhaile Átha Cliath

Ríomhphost:  [email protected]