Faighteoir den Ghradam do Chéimithe 2018 i gcomhpháirtíocht le BLOCK T

2018 Recipient of Graduate Award Michele Hetherington

Fuair Michele Hetherington an Gradam do Chéimithe 2018.

Mar chuid den tiomantas leanúnach d'ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, cuireann Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall Gradam Stiúideo bliana amháin do Chéimithe ar fáil i BLOCK T a mbeidh taispeántas aonair mar chuid de in 2019. Ba chuid de FUEL é an taispeántas. Is Clár Amharcealaíne de chuid BLOCK T é FUEL atá tiomanta do thacaíocht agus forbairt ghairmiúil na ndaoine a bhain céim amach le déanaí. Cuirfidh an Gradam do Chéimithe, ar cuireadh tús leis i Samhain 2018, timpeallacht idéalach ar fáil do Michele chun go mbeidh sí ábalta forbairt a dhéanamh ar a cleachtas agus deis chun líonrú a dhéanamh le healaíontóirí eile. Anuas air sin, bhí rochtain aici ar cheardlanna agus cúrsaí scileanna de chuid BLOCK T. Bhain Michele Hetherington Máistreacht sa Mhínealaín amach ó NCAD le déanaí.

Tá súil ag Michele go mbainfidh sí leas as an deis seo chun scrúdú breise a dhéanamh ar a suim atá ag neartú sa chomhghaol idir Ealaín agus Fealsúnacht. Fiosrú a dhéanamh ar fheiniméin an ama, na háite agus an duine. Tabharfaidh an gradam an t-am agus an spás chun forbairt a dhéanamh ar a cleachtas.

 

‘A grey desert of infinities’ 2018, Amharc na Suiteála. 35mm teilgean sleamhnáin, ábhar cúlteilgin, gloine, bríce agus téacs.

"Tá Fradam do Chéimithe de chuid Ealaíona Fhine Gall thar a bheith luachmhar d'aon ealaíontóir atá ag teacht chun cinn. Tá sé riachtanach, ó thaobh cleachtais de, spás agus am a bheith agat chun feabhsú agus neartú. Cuireann an gradam seo neart den dá rud sin ar fáil."

Go bhfuil Gradam do Chéimithe de chuid Ealaíona Fhine Gall thar a bheith luachmhar d'aon ealaíontóir atá ag teacht chun cinn. Tá sé riachtanach, ó thaobh cleachtais de, spás agus am a bheith agat chun feabhsú agus neartú. Cuireann an gradam seo neart den dá rud sin ar fáil. Anuas air sin, cuirtear spás oibre suimiúil agus idirghníomhach ar fáil sna stiúideonna BLOCK T féin mar gheall ar dhifríochtaí agus cosúlachtaí na gcleachtas laistigh de na stiúideonna.