Faighteoir den Ghradam do Chéimithe 2016 i gcomhpháirtíocht le BLOCK T

Fingal Arts Office Announce Recipient of Graduate Award 2016 in Partnership with BLOCK T

Fuair Laura Skehan an Gradam do Chéimithe 2016.

Mar chuid den tiomantas leanúnach d'ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, cuireann Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall Gradam Stiúideo bliana amháin do Chéimithe ar fáil i BLOCK T a mbeidh taispeántas aonair mar chuid de in 2017, mar chuid de FUEL. Is Clár Amharcealaíne de chuid BLOCK T é FUEL atá tiomanta do thacaíocht agus forbairt ghairmiúil na ndaoine a bhain céim amach le déanaí. Cuireann an Gradam do Chéimithe, ar cuireadh tús leis i nDeireadh Fómhair 2016, timpeallacht idéalach ar fáil do Laura chun go mbeidh sí ábalta forbairt a dhéanamh ar a cleachtas agus deis chun líonrú a dhéanamh le healaíontóirí eile. Chomh maith leis sin, bhí rochtain aici ar cheardlanna agus cúrsaí scileanna de chuid BLOCK T.

Bhain Laura Skehan, as Baile Bhlainséir, céim sa Mhínealaín amach ó Scoil na nEalaíon Cruthaitheach in Institiúid Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath le déanaí. Rinne sí staidéar chomh maith ag École europeenne superieure d'art de Bretagne, (EESAB), Lorient in 2014. Pléann cleachtas Laura le caidreamh éagsúil agus idirghníomhach an choirp leis an tírdhreach fisiceach, agus aird ar leith ar ghníomhaíocht dhearmadta i spásanna a ndéantar neamhaird díobh. Trí úsáid a bhaint as gluaiseacht seiftithe agus gluaiseacht a bhfuil cóiréagrafaíocht déanta uirthi mar chód don chaidreamh íogair seo, imríonn sí le scéalaíocht theibí agus oibríonn sí go príomha le fís, dealbhóireacht agus suiteáil.