Silver Lining Fridays - Seisiúin Fhíorúla um Thuiscint don Cheol leis an gCór Forget Me Nots
Is sraith sheachtainiúil Zoom a óstálann Norah Walsh agus an Cór Forget Me Nots é Silver Lining Fridays.
Is sraith sheachtainiúil Zoom a óstálann Norah Walsh agus an Cór Forget Me Nots é Silver Lining Fridays. Leis an tsraith, cuirtear seisiúin um thuiscint don cheol ar fáil do dhaoine scothaosta an phobail, agus deis oideachasúil, shóisialta agus ionchuimsitheach á soláthar. Is iad gairmithe ceoil agus saineolaithe ar shláinte chognaíoch daoine scothaosta a óstálann gach seisiún ar leith ar bhonn sealaíochta, rud a fhágann go mbíonn éagsúlacht ann ó thaobh topaicí de agus ó thaobh stíleanna cur i láthair de.
Sna seisiúin, déantar iniúchadh ar sheánraí ceoil, ar réanna ceoil, ar chumadóirí ceoil, ar thaibheoirí ceoil, ar uirlisí ceoil agus ar théamaí séasúracha, agus an fhilíocht agus ealaíona eile á bplé ó am go chéile. I measc an ábhair tá anailís chuimsitheach ar shaothair chlasaiceacha, agus siamsóirí móréilimh a cheiliúradh, mar aon le gearrthóga closamhairc, taibhithe beo, taispeántais agus aíonna speisialta.
Spreagtar rannpháirtithe chun ceisteanna a chur isteach agus topaicí amach anseo a mholadh, rud a chothaíonn plé idirghníomhach agus comhroinnt eispéireas pearsanta. Bíonn ionchuimsiú ina chuid lárnach de na seisiúin, agus bíonn comhrá oscailte, seisiún ceisteanna agus freagraí, agus amhránaíocht micreafóin oscailte ann ó am go chéile. Déantar ócáidí speisialta amhail an Nollaig, an Cháisc agus Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh le ceol, filíocht agus scéalaíocht a bhaineann leis na hócáidí sin, rud a chruthaíonn eispéireas bríomhar tarraingteach ar fud na bliana.
Cuirtear fáilte sna seisiúin sin roimh dhaoine scothaosta an phobail, roimh dhaoine scothaosta leochaileacha, agus roimh theaghlaigh a bhfuil tionchar ag cailliúint chuimhne orthu (níl aon srianta air sin). I measc na rannpháirtithe reatha tá baill den chór Forget Me Nots atá ionchuimsitheach do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu i mBaile Dúill, Co. Bhaile Átha Cliath, agus den chór This Is Me, Latharna, Co. Aontroma.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le <span lang="ga">[email protected]/span>