'Sharing Songs... Unforgettable Voices': Tionscadal Comhoibrithe Ealaíon Pobail de chuid Oileán Comhroinnte - Bliain a Dó
Dáta: 1 Nollaig 2025 – 28 Feabhra 2026
Am: 10.00 am – 4.00 pm
Láthair: Halla Pobail Bhaile Dúill, an Phríomhshráid, Baile Átha Cliath 12, D13 E2W0
Comhpháirtíocht chruthaitheach uile-oileáin a bunaíodh idir an Cór Forget Me Nots atá lonnaithe i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath Thuaidh, an Cór This Is Me ó Latharna, agus an Chomhpháirtíocht Ealaíon Pobail ‘CAP’ i mBéal Feirste is ea Sharing Songs and Unforgettable Voices. Urraíonn Rialtas na hÉireann an tionscnamh Oileán Comhroinnte seo agus cistíonn Éire Ildánach é trí Chomhairle Contae Fhine Gall. Maireann an tionscadal dhá bhliain – 2024/25 – ar lena linn a chruthóimid agus a chothóimid naisc leis na baill chóir sin, ó thuaidh agus ó dheas, trí amhránaíocht, trí cheol, trí fhilíocht, trí fhoghlaim chruthaitheach chomhroinnte agus trí thaibhléirithe poiblí sa dá phobal. Áireofar leis an tionscadal coimisiúnú a dhéanamh ar dhá amhrán nua, a bheidh spreagtha ag na baill chóir uile, a thaibheofar ar an dá thaobh den teorainn agus a ghabhfar i leabhar comhchuimhne agus i gclár faisnéise físe.
Chomh maith leis an dá chór a thabhairt le chéile, bhain na baill taitneamh as bualadh le chéile ar Zoom ar mhaidineacha Aoine trí leas a bhaint as na seisiúin cheoil agus léirthuisceana amhrán ‘Silver Linings’ atá ann cheana. Chabhraigh an cur in aithne luath sin dá chéile le rannpháirtithe cairdeas a dhéanamh toisc go n-aithníonn daoine na rudaí atá mar an gcéanna le chéile acu agus go gcomhroinneann siad amhráin is breá leo a chanadh. D’oibrigh Stiúrthóirí Ceoil an dá chór le chéile chun teacht ar chomhaontú faoi liosta amhrán ag a bhfuil cóirithe ceoil nua, agus oibreoidh siad go neamhspleách agus le chéile chun cleachtadh a dhéanamh agus chun ‘ullmhú don taibhléiriú’. Déanfar é sin trí mheascán de chleachtaí Zoom, de chleachtaí áitiúla agus de chleachtaí comhroinnte