Scéaltaí le Niall de Búrca

Seó don chlann uilig. Beir greim ar do shuíochán – tá Niall de Búrca ag filleadh go Leabharlanna Fhine Gall le haghaidh scéalaíocht dhátheangach do Sheachtain na Gaeilge. Is seanchaí é de Búrca, a bhfuil clú agus cáil air ar fud na tíre agus ar fud na cruinne. Tá an seó seo oiriúnach do gach aois. Is cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat, cuirfidh de Búrca ionadh ar an gclann uilig lena scéaltaí den scoth! Mar a deireann an seanfhocal – níor bhris focal maith fiacal riamh!

Tuilleadh eolas agus ticéid ar Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/snag21-bilingual-stories-with-niall-de-burca-tickets-137302006999