Plyscape ag Páirc an Linn Mhuilinn, i mBaile Brigín

Bígí i dteannta Laura & Ciarán ó Islander Architects le haghaidh ceardlann ailtireachta idirghníomhach, atá saor in aisce do dhéagóirí ar an 11 Meitheamh mar chuid de Chruinniú na nÓg 2022.
Is deis é Plyscape do dhaoine óga teacht le chéile agus eispéiris chomhroinnte a fhorbairt trí cheardlann lae. Trí Plyscape, spreagfar rannpháirtithe chun cur lena gcumas tógála
ina dtimpeallacht ailtireachta, trí ligean dóibh struchtúir sraithadhmaid a shaincheapadh agus a chur le chéile. Oibreoidh na rannpháirtithe le heilimintí sraithadhmaid in-díshuite a ligfidh dóibh tóil, athchumrú agus atógáil le linn na ceardlainne.

Gheobhaidh gach rannpháirtí foireann de chruthanna sraithadhmaid réamhdhéanta, ar féidir leo suiteáin sealadacha éagsúla a cheangal agus a mhúnlú le chéile. Beidh meáin mheasctha ar fáil ar an lá, chun deis a thabhairt do na rannpháirtithe a n-eilimintí sraithadhmaid a shaincheapadh. Fiosróidh siad a gcruthaitheacht le páirteanna ón trealamh simplí seo, agus dá bharr sin athróidh siad an réimse poiblí chun feabhais; idir cathaoir chompordach agus teach reacaireachta - tá na féidearthachtaí gan deireadh!

Beidh cead ag gach rannpháirtí Plyscape a n-eilimintí sraithadhmaid saincheaptha a choinneáil lena n-athúsáid amach anseo. As lámha a chéile, cruthóimid spásanna poiblí níos fearr!

Cathain: 11:00 - 13:00 le sos 14:00 - 16:00, Dé Sathairn 11 Meitheamh 2022
Cad é: Imeacht lasmuigh & laistigh, gníomhaíochtaí grúpa & aonair.
Áit: Rampaí Scátála ag Páirc an Linn Mhuilinn, i mBaile Brigín.
C
é: Tá fáilte roimh dhéagóirí 14-18 mbliana daois.
Is imeacht saor in aisce é seo ach níl ach líon teoranta spásanna ar fáil, mar sin ní mór clárú.

Nasc clárúcháin: https://www.eventbrite.ie/e/plyscape-interactive-architectural-workshop…

Eolas faoi ‘Islander Architects’:

Bhunaigh Laura Carroll & Ciarán Molumby ‘Islander Architects’ in 2020. Léiríonn an t-ainm ‘Islander spiorad ár gcuid oibre; is é sin a bheith seiftiúil, agus freastal ar uathúlacht gach tionscadail ar leith. Is mór an spreagadh dúinn na comhthéacsanna a ndearaimid laistigh díobh agus na daoine a ndéanaimid dearadh dóibh. Tá baint ghníomhach againn le for-rochtain pobail atá bunaithe ar oideachas & dearadh. Is go comhfhiosach atá ár gcleachtadh i mBaile Brigín, chun ról a bheith againn ina athnuachan.

Ceardlann Plyscape le ‘Islander Architects’. Arna choimisiúnú ag Oifig Ealaíon Fhine Gall ar ócáid Chruinniú na nÓg 2022, tá an tionscadal seo maoinithe ag Éire Ildánach.
 

PlyScape