Oíche Chultúir Fhine Gall 2025

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár bríomhar imeachtaí a chur i láthair d’Oíche Chultúir i bhFine Gall. Beidh an 20ú heagrán d’Oíche Chultúir ar siúl Dé hAoine an 19 Meán Fómhair.  Agus an-ghean uirthi, ceiliúrann an ócáid náisiúnta bhliantúil seo cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona. Osclóidh na réadmhaoine oidhreachta, na hionaid ealaíon agus na heagraíochtaí cultúir is breátha i bhFine Gall a ndoirse chun breis agus seasca imeacht saor in aisce a óstáil ar fud ocht n-ionad déag.

https://culturenight.ie/location/fingal/

Féach: Bróisiúr Oíche Chultúir Fhine Gall