Oíche Cheoil do Sheachtain na Gaeilge Halla an Chontae 11 Márta, 2026

Dé Céadaoin an 11 Márta in Atriam Halla an Chontae, Sord, agus le tacaíocht ó Ionad Ealaíon Sheamus Mhic Aonghusa, déanfar Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh  le Ceol, Craic agus Gaeilge idir 7in agus 9in. Beidh an tsiamsaíocht á cur ar fáil ag ceathrar ceoltóirí sár-chumasacha , Éamonn de Barra, Paudie O’Connor, agus Aoife Ní Chaoimh

Bíonn an-tóir i gcónaí ar an imeacht bhliantúil seo, a chuireann fáilte roimh éinne ón gcontae le díograis na Gaeilge aige teacht le chéile le foireann Fhine Gall, agus déantar rannpháirtíocht an lucht féachana a spreagadh; mar sin, más mian leat a bheith páirteach le hamhrán do do chuid féin ar an oíche, glac é agus fáilte.

Ceoltóirí:  

Ó cheantar Shliabh Luachra i gContae Chiarraí a thagann Paudie O Connor agus Aoife Ní Chaoimh. Is saineolaithe iad ar cheoil an cheantar sin agus sa bhliain 2015 sheol siad an cheirnín Didn’t She Dance and Dance. Ómós do cheoil na laochra móra ón cheantar a bhí ar an gceirnín agus cloistear go rialta é a chláir radio ar fud na cruinne. Tá ceirnín aonar eisithe ag Paudie freisin darb ainm Different State agus cheann leis an bpíobaire Riverdance John O Brien darb ainm Wind and Reed chomh maith. Seinneann agus múineann an beirt acu ag na féilte móra cheoil timpeall na tíre cosúil le Scoil Samhradh Willie Clancy agus Féile Pádraig Uí Chaoimh. Tá ana chuid taifeadta acu do chláir teilifíse thar na blianta, na cinn is déanaí ná TradFest TG4 agus Scoil Cheoil an Earraigh.

Is ceoltóir ildánach ó Bhaile Átha Cliath é Eamonn de Barra. Tá cáil air mar cheoltóir ar an bpianó, an fliúit, an fheadóg stáin agus an bodhrán.  Is amhránaí den chéad scoth é freisin.  Bhuaigh sé an Gradam Cheoil TG4 le haghaidh Ceoltóir Óg na Bliana sa bhliain 2000. Seinneann sé go rialta le banna cheoil Damian Dempsey agus thar na blianta tá an chuid oibre déanta le Sinead O Connor agus Moya Brennan.

Paudie O Connor and Aoife Ní Chaoimh are an accordion and fiddle duet from County Kerry. Their music is heavily influenced by the The Sliabh Lauchra musical tradition of East Kerry and North Cork. In 2014 they released the highly acclaimed album Didn’t She Dance and Dance which paid homage to their musical heroes such as Johnny O Leary, Padraig O Keefe and Julia Clifford. Paudie has also released the critically acclaimed solo album Different State and a duet album with Riverdance Uilleann Piper John O Brien. Paudie and Aoife have performed on numerous TV productions, most recently Tradfest TG4. Paudie is currently director of The Patrick O Keeffe Traditional Music Festival in Castleisland Co. Kerry. 

Éamonn de Barra is a renowned Dublin-born traditional Irish musician, master flautist, pianist, tin whistle player and vocalist known for winning the TG4 Young Traditional Musician of the Year award in 2000. As a member of the acclaimed band Slide, he has toured internationally and collaborated with artists like Damien Dempsey, Sinead O'Connor, and Moya Brennan.  

SNAG county hall 2026