Línte - Líne a thabhairt ar shiúlóid leis an maisitheoir Niamh Sharkey agus leis an veidhleadóir Megan Churcher.

Cad a cheapann tú nuair a chloiseann tú ceol á sheinm? Conas a bhraitheann tú nuair a dhéanann tú marcanna ar leathanach? Cuirfidh Niamh agus Megan in iúl duit na bealaí éagsúla trína gcruthaíonn ealaíontóirí línte sa cheol agus san ealaín. Léireoidh Megan conas a dhéanann an ceoltóir fuaimeanna éagsúla agus úsáid á baint aige as an bhfrithchuimilt idir an bogha agus na téada veidhlín, agus taispeánfaidh Niamh duit conas marcanna éagsúla a dhéanamh ar pháipéar. Ansin beidh do dheis féin agat! Faoi stiúir ár bhfoireann chruthaitheach, iarrfar oraibh seasamh i líne le haghaidh siúlóide. Beidh ár mballaí fillte le páipéar, ag feitheamh ar bhur gcuid líníochtaí. Is réamhcheacht spraíúil í an cheardlann teaghlaigh ar leith seo an cheoil, na litríochta agus na healaíne.   Oiriúnach don lucht in aois 6+.

Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir

Dé Sathairn an 10 Meitheamh

2:00in – 2:45in

Le haghaidh spás a chur in áirithe, lean an cód QR.

Line for a walk QR code
NIamhSharkey_Headshot.jpeg