Léim isteach sa Cheol le Mobile Music School

Bunaithe ar na trí shnáithe de churaclam ceoil na bunscoile, beidh páistí tumtha i saol an cheoil. Sa cheardlann seo, áireofar cluichí ceoil, gníomhaíochtaí éisteachta, cnaguirlisí, amhráin le gníomhú, cumadóireacht agus amhránaíocht. Oiriúnach do pháistí idir 5 – 8 mbliana d’aois.

Leabharlann Bhaile Dúill

Dé Sathairn, 10 Meitheamh

2:00pm – 3:00pm

Chun áit a chur in áirithe, déan teagmháil leis an leabharlann atá ag óstáil an imeachta.

MobileMusic