Ealaíona agus Ceardaíocht Inbhuanaithe Idirghlúine le ceardlann Aga Hutcheson
AM: 10:00am-2:00pm
Láthair:
Dáta: 13 Bealtaine 2025 Leabharlann Dhomhnach Bat; 16 Bealtaine 2025 Leabharlann Bhaile Brigín; 20 Bealtaine 2025 Leabharlann Mhullach Íde; 27 Bealtaine 2025 Leabharlann an Rois
Chun Bealtaine a cheiliúradh, téigh i bpáirt le Aga Hutcheson, Draoi na Cruthaitheachta, le haghaidh tráthnóna a bheidh lán de chruthaitheacht, de naisc agus de spraoi agus a mbeidh aosaigh bhreacaosta agus leanaí araon i láthair aige! Sa cheardlann ealaíon agus ceardaíochta idirghlúine seo, cruthaítear ealaín iontach 3T ar chanbhás trí úsáid a bhaint as fabraic, páipéar, olann, leathar, cnaipí agus péinteanna atá uaschúrsáilte agus as ábhair eile atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Is deis speisialta do dhaoine óga agus do dhaoine breacaosta í am ardchaighdeáin a chaitheamh ag déanamh rud éigin álainn le chéile.
Tá an t-imeacht seo mar chuid de shraith ceardlann cruthaitheach inbhuanaithe aoisbháúil a eagróidh Fine Gall Ildánach, le tacaíocht ó Éire Ildánach.