Ealaín don Samhradh leis an ealaíontóir Kim Jenkinson

Mar bhunús don cheardlann seo, bainfidh an t-ealaíontóir Kim Jenkinson úsáid as an téama ‘an samhradh’ chun leabharmharcanna agus rudaí eile a chruthú, trí úsáid a bhaint as duilleoga agus as peitil bláthanna. Tabhar bláth nó duilleog beag in éineacht leat chun é a chur isteach i d’obair ealaíne. Oiriúnach do pháistí idir 7 – 11 mbliana d’aois.

 

Leabharlann Dhomhnach Bat

Dé Sathairn, 10 Meitheamh

11:30am – 12:30pm

Leabharlann Shoird

Dé Sathairn, 10 Meitheamh

2:30pm – 3:30pm

 

Chun áit a chur in áirithe, déan teagmháil leis an leabharlann atá ag óstáil an imeachta.

KimJenkinson.jpg