Cúrsa Blaiste Stánadóireachta 8 Seachtaine le Tionscadal Lucht Siúil Bhaile Brigín

Dáta: 16 Deireadh Fómhair 2025 – 11 Nollaig 2025
Am: 10.00 am – 4.00 pm
Láthair: Ionad Pobail Lána Mhata, Páirc San Macullin, Contae Bhaile Átha Cliath, K32 P660

Is é is an Cúrsa Blaiste Stánadóireachta Lucht Siúil ann ná tionscnamh pobaltreoraithe a bhfuil sé mar aidhm leis ceird thraidisiúnta na stánadóireachta a athbheochan, a thaifeadadh, a chur chun cinn agus a chaomhnú laistigh de Lucht Siúil Bhaile Brigín. Sa chúrsa seo, cuirfear bunoiliúint sa stánadóireacht ar rannpháirtithe thar 8 seachtaine. 
Is cuid dhílis d’oidhreacht an Lucht Siúil í an stánadóireacht, a bhíodh ina ceird a chleachtaí go forleathan i measc fhir an Lucht Siúil tráth. Sa lá atá inniu ann, níl ach stánadóir aithnidiúil amháin atá ag cleachtadh fós in Éirinn, mar atá James Collins, atá sna seachtóidí. Tá an t-eolas, na scileanna agus an fhéiniúlacht chultúrtha a bhaineann leis an gceird seo ar tí dul in éag. Tá ceird stánadóireachta an Lucht Siúil liostaithe ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe mar chuid de ghealltanas an stáit i leith Choinbhinsiún UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe 2003. 
Tuairisc ar an gClár
Cúrsa blaiste stánadóireachta (8 seachtaine)
Fad: Lá amháin sa tseachtain ar feadh 8 seachtaine
Rannpháirtithe: Idir seisear agus ochtar ón Lucht Siúil áitiúil
Oiliúnóir: James Collins (Máistir-Stánadóir) 
Forbhreathnú ar an gcúrsa
1.    Stair agus tábhacht chultúrtha na stánadóireachta
2.    Úsáid shábháilte uirlisí agus ábhar
3.    Oiliúint phraiticiúil i stán agus copar a ghearradh, a mhúnlú agus a shádráil 
Cuspóirí
•    An stánadóireacht thraidisiúnta a athbheochan agus a chaomhnú i measc an Lucht Siúil
•    Oideachas praiticiúil scileannabhunaithe a sholáthar do líon rannpháirtithe idir seisear agus ochtar
•    Tacú le bród cultúrtha, le comhtháthú pobail, agus le léiriú cruthaitheach
•    An bhunobair a dhéanamh le haghaidh cúrsa níos fadtéarmaí 
 

Tinsmithing Taster Course with Balbriggan Traveller Project