Ceol agus Craic leAntaine Ó Faracháin agus Nollaig MacCarthaigh

Bígí linn ar Zúm chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh le Antaine Ó Faracháin agus Nollaig Mac Cárthaigh in éineacht le Bernie Kelly Oifigeach Gaeilge.

Beidh ceol, craic agus amhránaíocht beo ar Zúm. Buail isteach ó 6.30 chun  caint linn agus chun go mbeimid réidh. Nasc do Zúm agus gach eolas ar fáil ó [email protected]

Nó ar Eventbrite anseo

Tá físeán agus na focail d'amhrán álainn Sean Nós 'Bog braon don seanduine' roinnte ag Antaine linn agus is féidir libh na focail a íoslódáil 

Is féidir físeán d'Antaine ag canadh a fheiceáil anseo 

PDF leis na focail den amhrán    'Bog braon don seanduine'.

Cáipéis WORD  leis na focail den amhrán  'Bog braon don seanduine'

Seo mar a labhair sé faoi:

Is amhrán beag simplí é an t-amhrán ‘Bog braon don seanduine’. Tá na focail simplí agus tá an ceol simplí freisin. Ach ceapaimse go bhfuil sé go hálainn. Is suantraí é. Ciallaíonn ‘suantraí’ amhrán a úsáidimid chun leanbh beag a chur a chodladh. Ciallaíonn an focal ‘suan’ codladh. Os rud é gur suantraí é caithimid é a chanadh go deas ciúin. Cabhraíonn sin leis an leanbh titim ina chodladh. Ach cé hé an seanduine san amhrán seo? Bíonn an aghaidh atá ar leanbh cosúil leis an aghaidh atá ar sheanduine uaireanta, go speisialta nuair a bhíonn siad ina gcodladh. Is é an ‘seanduine’ atá i gceist san amhrán seo ná an leanbh beag mar sin!

Seachtain na Gaeilge 2021